FíseáinGinearálta

Glór na nGael – Óráid an Bhua

Glór na nGael- Óráid an bhua

10-3-18

Go raibh míle maith agaibh, a chairde Gael. Is onóir mhór dom an duais seo a thógáil ar son Ghlór na Móna agus thar cheann phobal na Gaeilge i gceantar an Uachtair Chluanaí.

Tá muid go mór faoi chomaoin ag bord agus foireann Ghlór na nGael as an deis seo a thabhairt dúinn bheith páirteach sa chomórtas seo agus GRMAgaibh as muid a roghnú mar an ghrúpa is rathúla do 2017, go háirithe agus muid anois i mBliain na Gaeilge. Ní hamháin gur gníomhairí teanga áitiúla muid, ach is gníomhairí teanga náisiúnta muid fosta agus aithne mhaith againn agus bíonn muid ag obair do dlúth le roinnt do na grúpaí iontacha eile atá ainmnithe anseo anocht, mar sin de tuigimid go maith cé chomh comórtasach agus a bhí seo anocht agus ba mhaith linn armholadh agus comhghairdeas a ghabháil le gach grúpa pobail a bhain duais agus a fuair ainmniúcháin anseo anocht. Bualadh bos ollmhór daofa!

Tá muid buíoch fosta dár maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, an Heritage Lottery, an EA agus iadsan a chuidigh linn ár bhfoirgneamh féin, Gael-Ionad Mhic Goill a thógáil in 2016. An Ciste Infhéistíochta Gaeilge, Comhairle na Cathrach, Béal Feirste agus an Roinn Pobail.

Thar aon ní eile, ba mhaith liomsa go pearsanta buíochas a ghabháil don fhoireann iontach de Ghaeil óga fuinniúla a dhéanann éachtaí gach lá ar an Ghaeilge agus ar son an phobail i nGlór na Móna. Cuid acu, cosúil le Brónagh agus Orliath, nach féidir a bheith linn mar go bhfuil said gafa leis an RITH amárach, mar an gcéanna le Conchúr, Dearbhla, Aoife, Conor, Gerard, Eithne, Pádraigín agus roinnt eile nach dtiocfadh bheith linn anocht. Agus dó Mháirtín, Chrissie, Caoimhe, Antóin, Ciarán, Seán, Maura agus na baill coiste eile, mile buíochas ó chroí daoibh, is libhse an duais iontach seo.

Tá rud éigin spéisialta agus as an choitiantacht fán dream seo. Is Gaeil chumasacha, ghairmiúla, oilte iad ata freamhaithe sa phobal áitiúil agus tiomanta chun fanacht i measc na cosmhuintire lena gceantar féin a neartú agus a thréisiú. Tagann muid uilg ó theaghlaigh atá freamhaithe sa cheantar céanna, teaghlaigh a bhí fite fuaite leis an streachailt ar son na Saoirse ó thuaidh, bhí mórchuid dár dtuismitheoirí i nGeibheann ag pointe éigin i rith na coimhlinte. D’eascair coimitmint s’againn don teanga ón fhís fhuascailteach chéanna.

Nuair a bhunaigh muid Glór na Móna in 2004, thuig muid go raibh muid inár seasamh ar ghualainn Fathach, iad siúd a bhunaigh Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Comharchumainn Bhaile Uí Mhurchu, Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine, Bunscoil Phobal Feirste, Meánscoil Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, LÁ, Ráidió Fáilte agus 20 tionscadal eile nach iad. Inár gceantar féin, is iarchimí poblachtanacha a thug an baton seo, mar a dhéanfaidh an t-uachtarán amárach le baton an reatha, agus thóg siad ar an dúshraith sin trí Naíscoil agus Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh a bhunú mar aon le Gaelscoil na Móna. Laochra Gael cosúil le Seán Mac Goill, Séamús Mac Seáin, Maureen McGuinness, Jim McCann, JohnBoy Ó Muireagáin, Matt Lundy agus Danny Barclaigh.

Mhothaigh muid an dualgas agus oidhreacht a d’fhag said againn agus tá muid beo ar an fhuinneamh céanna seo. In 2009, d’aithin muid an obair óige mar bhearna mhór san athbheochan seo againne agus thosaigh muid ag gníomhú chun seo a líonadh. Mheall muid na daoine cuí agus bhunaigh muid 5 chumann óige Gaeilge bhuana fud fad na cathrach, agus anois tá 23 ball foirne againn ag obair go páirtaimseartha agus ag seachadadh seirbhís den scoth don 450 daoine óga atá ag freastal ar an tseirbhís seo ar feadh na seachtaine. Agus tá pleananna móra againn ag suí leis an Roinn Oideachais anois le haghaidh foirgneamh breise sáintógtha óige, an chéad cheann den chineál sin i stair an stáit ó thuaidh is beimid ag cur brú orthu fá sa tréimhse amach romhainn.

Is úsáid shóisialta na teanga a spreagann muid chun bealtaí úra a aimsiú chun tum-úsáid na Gaeilge a normalú, más Suí is Scíth do pháistí, ár gcumainn óige, cumann rothaíochta, Féiltí, iascaireachta nó ár gcumann Lúthchleas Gael úr Laochra Loch Lao, is ag cothú infreastruchtúr buan teanga atá muid don ghlúin atá le theacht. Tá cur chuige s’againn bunaithe ar chomhpháirtíochtaí a thógáil le grúpaí eile seachas bheith ag obair inár silos féin. Tháinig an stádas mar Líonra Gaeilge do Ghaeltacht Bhéal Feirste ón obair chomhpháirtíochta seo agus tá muid ag dúil le tógáil ar an chur chuige comhtháite, páirtíochta seo.

Ba mhian linn spásanna a chruthú a chothaíonn saoirse intinne agus anama, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga ceannasach, beo, beathach, agus aitheanta gan náire mar ‘dominant acoustic’ mar a mhol an staraí iomráiteach an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh dúinn agus é ar cuairt chugainn anuraidh.

Ach tuigimid nach í cúrsaí cumarsáide agus cumas teanga an t-aon cloch amháin ar ár bpaidrín. Is Saoirse an duine aonair, agus cumhachtú pobail ón bhun aníos atá mar bhunchloch againn. Tuigimid nach féidir seo a dhéanamh gan fealsúnacht radacach, ionraice a aithníonn nach féidir linn pobail a chumhachtú gan coras suarach atá anuas orainn a athrú agus feideartheachtaí fuascailteacha a shamhlú chun oibriú ina dtreo.

Tá muid ag feidhmiú agus ag maireachtáil i bpobal atá ag fulaingt de bharr míbhuntaistí suntasacha soch-eachnamaíochta agus pobal a bhí faoi leigear ag 30 bliain de fhorlámhas Arm na Breataine agus na scuaideanna marfacha dílseacha – pobail a d’fhulaing an méid is mó sa chogadh ach a bhain an méid is lú ón tsíocháin.

Seo pobal atá ag fulaingt go holc de bharr Post-Traumatic Stress Disorder atá ag teacht chun cinn fríd eipidéim sláinte mheabhrach ina bhfuil 50% do dhaoine os cionn 50 bliana d’aois inár gceantar ar anti-depressants agus fadhbanna móra ann ó thaobh drúgaí, alcóil agus cearrbhachais.

Tá ceann do na rataí is mó feinbháis san Eoraip againn, go háirithe i measc an aosa óig atá anois ag plé lena fadhbanna idirghlúine síceolaíoch ar fágadh mar oidhreacht phianmhar acu. Bhuail an galar seo go trom muid i rith na seachtaine ansin nuair a chuir cara dár gcuid agus laochra Gael de chuid an Chumainn Luthchléas Gael áitiúil, lámh ina bhás féin. Seo fear 55 bliain d’aois a spreag na glúnta de hiománaithe agus peileadoirí óga, fear a bhí ina Dhaideo le garpháistí ar an bhunscoil áitiúil. Fear a chaill dóchas agus a bhí ag iarraidh éalú ón phian agus an dorchadas. Íobartach eile na coimhlinte, íobartach eile don chóras eacnamaíochta suarach, neamhthrócaireach a dhéanann léirscrios ar an chosmhuintir.

Is don chosmuintir seo, pobal Greg agus a gharphaistí atá muid ag obair ar bhonn laethúil agus measaimid gur gléas í an teanga le dul i ngléic leis na fadhbanna seo ar bhealach dearfach, cruthaíoch. Níl muid ag maíomh go bhfuil na freagraí ar fad againn, ná baol air, agus tá muid tiomanta le theacht ar an chuid is fearr atá ar fáil againn.

Seo ceann do na fáthanna a bhfuil muid tiomanta don oideachas pobail, stair na hÉireann agus an pholaitíocht trí chéile. Tagann cumhacht ón eolas agus feasacht chruinn fán chomhthéacs ónar eascair muid agus múnlaíonn muid na píosaí is spreagúla ón stair leis an am i láthair agus na bliantaí amach romhainn a mhúnlú agus a shealbhú don phobal féin.

Páirteachas, polaitíocht agus pobail atá mar eocharfhocail na heagraíochta agus nuair a deir muid polaitiúil, níl muid ag caint ar an pholaitíocht pháirtí chúng, ach a mhalairt ar fad agus muid ag athshealbhú an sainmhíniú is leithne don fhocal. Is poblachtánachas don chuid samháil is daonna agus is daonlathaí a chuireann muid chun cinn, ar samlaíodh den chéad uair i Réabhóid na Fraince agus ar athmhúnlaíodh le hÉirí Amach na bhFininí in 1867 agus Éirí Amach na Cásca in 1916 a chuir béim ar an ‘leas choiteann’ seachas suim leithleasach an duine aonair.

Seo an fáth ar bhunaigh muid Féile na Carraige 2017 ar na téamaí seo agus an fáth a raibh togra iomlán againn dar teideal, ‘Athghabháil na Físe’, agus seo an fáth go raibh an poblachtánach, an Gael agus an sóisialach Tomás Aghais á cheiliúradh agus á chomóradh againn in 2017.

Agus is cearta, comhionnanas agus ceartas sóisialta atá mar thosaíocht ag an fhealsúnacht seo agus is an tiomantas céanna a mhúnlaíonn gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh. Seo an fáth go bhfuil Glór na Móna i gcroílár an Dream Dearg agus an feachtas ar son Cearta, Cothromas agus Cóir ó thuaidh. Thug an t-imeallú, idirdhealú agus leatrom an deis dúinn glúin úr díograiseoirí a eagrú agus a pholaitiú ar stair agus tábhacht na teanga gan trácht ar chearta daonna i gcoitinne.

Ar an bhonn seo, tá muid bródúil gur ghlac muid an coras leatromach rialtais ó thuaidh go talamh agus níos bródúla fós go bhfuil ceist na teanga anois ina scrúdú litmus d’aon socrú polaitiúil úr ó thuaidh agus ceist na teanga i mbéal na meán fud fad an domhain. Agus tá cuma ar an scéal gur léirgh feachtas s’againn agus bíogóideacht an aontachtachtais go bhfuil an stat ó thuaidh do-leasuithe agus do-oibriste mar atá.

Tá muid bródúil fosta as Cathaoirleach s’againn Ciarán Mac Giolla Bhéin atá anseo anocht agus ina cheannaire agus urlabhraí ar an fheachtas Dhearg agus aitheanta go forleathan anois mar ionadaí chomh cumasach agus deisbhéalach a bhí ag pobal na Gaeilge ariamh. Bualadh bos ollmhór do Chiarán.

Tháinig leatrom an stáit sheichtigh anuas orainn fosta in Mí an Mhárta 2017 nuair a chinn an tÚdarás Oideachais timpeall 45 míle punt do mhaoiniú óige a bhaint ó Ghlór na Móna.Chaill muid ceathrar ball foirne agus b’éigean dúinn doirse ceithre chumann óige a dhruidim thar oíche. Ach bhí frithgnhíomh fíochmhar agus tonn dhearg ann láithreach. Shocraigh deagóirí ár gcumainn óige cruinniú poiblí, pacáilte le 500 duine trí lá ina dhiaidh. Bhí agóid stairiúil ‘suí isteach’ againn dhá lá ina dhiaidh sin in ceanncheathrú an údaráis oideachais a d’athraigh dearcaí láithreach. Chuaigh siad ó neamháird a dheánamh orainn chuig an phointe gur éiligh siad cruinniú linn, a stiúraigh na daoine óga féin, agus thug siad an maoiniú ar fad ar ais dúinn agus d’aontaigh said maoiniú breise a thabhairt dúinn ar a bharr sin. Bualadh bos ollmhór do dhaoine óga Ghlór na Móna.

Léirigh seo dár ndaoine óga agus an Dream Dearg go n-oibríonn an fheachtasaíocht féin-eagraithe agus gur féidir le cumhacht an phobail an domhan thart orainn a athrú. Chun seo a dhéanamh mar is ceart, áfach, d’fhoghlaim muid go bhfuil an t-aistear chomh tábhachtach leis an sprioc. Go gcaithfear caidrimh mhacánta a thógáil le daoine agus spiorad dearfach, comhpháirtíochta a chothú agus a spreagadh i dtolamh.

Agus sin an tasc comónta atá os ár gcomhair a Ghaela. Domhan níos fearr a chruthú. Ár bpoblacht féin a thógáil san áit a sheasaimid mar a mhol na reabhlóidithe Liam Ó Maolaíosa agus Bobby Sands. Agus an deashampla seo a úsáid chun todhchaí úr a fhorbairt- todhchaí nach bhfágann muid ar an trá fholámh le dhá stát eagothrom teipthe ach a thógánn Éiré úr aontaithe atá tuillte againn mar Ghaeil agus mar shaoránaigh! Déanfar seo fríd samhlaíocht an phobail a ghríosadh agus dochás a chur in áit an lagmhisnigh. Go n-éirí linn.

Feargal Mac Ionnrachtaigh – Stiúrthóir Ghlór na Móna

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button