Ginearálta

Maoiniú de £160,000 fógartha ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín do Ollionad Ghlór na Móna

DCAL pic

 

 

Tá maoiniú de £160,000 fógartha ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín le cuidiú le croílár cultúrtha Gaeilge a thógáil in Uachtar Chluanaí.

Tá an t-ionad úr á chur ar fáil don eagraíocht Ghaeilge Glór na Móna agus Ollionad na Gaeilge an t-ainm a bheas air. Tógfar an t-ionad ar shuíomh in aice le hIonad Fóillíochta na Carraige Báine agus beidh sé á chomh-mhaoiniú ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag Ciste Infheistíochta Gaeilge.

Agus í ag caint faoin fhorbairt úr, arsa an tAire: “Seo lá ar dóigh don Ghaeilge in Uachtar Chluanaí. Nuair a bheidh sé críochnaithe, cuideoidh an t-ionad úr seo go mór le Glór na Móna ionad acmhainní Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt. Beidh an t-ionad mar a bheadh croílár cultúrtha ann fosta don phobal áitiúil ina iomlán agus cuirfidh sé tús le hathnuachan an cheantair thart air.

“Tá níos mó daoine ag foghlaim agus ag úsáid Gaeilge ar fud na hÉireann agus níl áit ar bith a bhfuil sé sin níos feiceálaí ná sa Ghaeltacht atá le fáil i gcathair Bhéal Feirste féin. Trí ionad úr a chur ar fáil do Ghlór na Móna cuideoidh sé leis an eagraíocht glúin úr de Ghaeil óga a ghríosú agusGlor na Móna Build1 a chumasú agus go deimhin iad a spreagadh lena saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge – Gaelsaolaíocht mar a déarfá.

“Tá lúcháir orm go bhfuil mo Roinn ag cur £160,000 ar fáil leis an fhiontar fhiúntach seo a mhaoiniú agus gabhaim buíochas leis na comh-mhaoinitheoirí: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus Ciste Infheistíochta Gaeilge. Beidh an t-ionad réidh i mí na Bealtaine 2016 agus tá mé ag súil go mór leis sin a fheiceáil.”

Ag labhairt thar cheann Ghlór an Móna, dúirt Cathaoirleach na hEagraíochta, Feargal Mac Ionnrachtaigh, ‘Tá muid ar bís go bhfuair muid an maoiniú caipitíl bréise seo ón Roinn Ealaíon, Cultúir agus Follaíochta agus tá muid iontach buíoch don Aire Caral Ní Chuilín as tacaíocht a thabhairt dúinn agus fís s’againn don Ghaeilge i ceantar Uachtar Chluanaí agus mórcheantar forbartha na Ceathrún Ghaeltachta.

‘Bunaíodh muid thiar in 2004 agusbuilding suíomh tá muid ag dul ó neart go neart ó shin. Mar eagraíocht Pobal agus Óige sa cheantar atá ag feidhmiú trí Ghaeilge, cuireann muid an iliomad seirbhísí agus tograí pobail ar fáil a chruthaíonn Gaelsaolaíocht sa cheantar agus a chumhachtaíonn an chéad ghlúin eile chun seilbh a ghlacadh ar an athbheochan teanga. Bheirfidh an ionad nua s’againn an deis dúinn an obair iontach seo a bhuanú agus tógáil air sna bliantaí amach romhainn.’

  

 

Culture Minister Carál Ní Chuilín has announced funding of £160,000 to help build a new Irish language cultural hub for the Upper Springfield area.

The new centre is for the Glór na Móna Irish language organisation and will be named Ollionad na Carraige. Being built on a site beside Whiterock Leisure Centre, the centre is being co-funded by Belfast City Council and Ciste Infheistíochta Gaeilge.

Speaking about the new development, the Minister said: “This is an excellent day for the Irish language in the Upper Springfield area. When it is completed, this new centre will greatly help Glór na Móna to further establish and develop an Irish language resource centre that will also act as a cultural hub for the entire local community and a catalyst for the regeneration of the surrounding area.

“Learning and everyday usage of Irish is on the increase right across Ireland and nowhere more so than in Belfast’s own Gaeltacht. The addition of a new centre for Glór na Móna will help the organisation to inspire and empower a new generation of young Gaels and indeed encourage them to truly live their life through Irish, known as gaelsaolaíocht.

“I am very pleased that my Department is funding this worthwhile venture in the amount of £160,000 and my thanks go to the co-funders Belfast City Council and Ciste Infheistíochta Gaeilge. I look forward to seeing the centre come to fruition in May 2016.”DCAL pic 1

Speaking on behalf of Glór na Móna, their Chairperson Feargal Mac Ionnrachtaigh stated, ‘We are delighted that we have received this extra capital funding from the Department for Culture, Arts and Leisure and we are very grateful to Minister Caral Ní Chuilín for supporting us and our vision for the Irish language in the Upper Springfield area and the wider Gaeltacht Quarter.’

‘We were established back in 2004 and have been going from strength to strength ever since. As a community and youth organisation that functions through the medium of Irish, we provide a whole range of community services and projects that create ‘Gaelsaolaíocht’(Gaelic way if life) in the area and empower the next generation to take ownership of the language revival. This new centre will allow us to sustain this great work and build on it in future.’

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button