FéiltíImeachtaíÓigeSpórt

Clár Fhéile na Carraige 2016

Agus muid ag fógairt chlár plódaithe Fhéile na Carraige do 2016, tá áthas ar phobal Ghlór na Móna seo a chur ar fáil ó Ghael-Ionad Mhic Goill, ár bhfoirgneamh úrscothach nua, a críochnaíodh faoi dheireadh i Meitheamh na bliana seo, i ndiaidh blianta d’iarrachtaí agus de ligean síos.Le tacaíocht fhlaithiúil ó RCEF, ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ó An Ciste Infheistíochta Gaeilge, faigheann an Gael-Ionad spreagadh ó Sheán Mac Goill agus na ceannródaithe eile ó réabhlóid Ghaeltacht Bhóthair Seoighe, a phlandáil roinnt mhaith síolta san Uachtar Cluanaí in amanna gruama. Ceantar atá anois ag fás fréamhacha leis an ghlúin úr.Is iomaí imeacht a thitfidh amach sa Ghael-Ionad le linn Fhéile na Carraige, ach tá aitheantas á thógáil ag an ionad úr mar mhol pobail bríomhar a thugann ardán do ghníomhaíochtaí óige agus pobail a chothaíonn rannpháirtíocht, dearfacht  agus úinéireacht le Gaeil eile.Tá sé de rún ag an Fhéile seo dúshlán a chur roimh dhaoine mar aon le daoine a spreagadh agus a mhealladh ar dhóigh a normalaíonn meon dearfach de dhlúthpháirtíocht agus de chomhoibriú. Ba mhian linn spásanna éagsúla a chruthú do dhaoine le hatmaisféar taitneamhach ina dtig leo páirt a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar stair, ar an phobal, ar pholaitíocht, agus ar chultúr.

Mar sin de, inár mbarúil féin, téann comórtais CLG, léachtaí eolacha ar shláinte agus ar fholláin, agus rith carthanachta 10k le chéile gan stró le cainteanna/díospóireachtaí staire, drámaíocht pholaitíochta idirnáisiúnta agus an ceol traidisúnta comhaimseartha is fearr. Cruthaíonn croí sláinte intinn oscailte, a scaoileann dóchas síoraí nuair a aithníonn muid ár ngníomhaireacht agus ár bpoitéinseal le rudaí a athrú chun feabhais.

Tá gliondar ar Ghlór na Móna taobhú le luachanna forásacha agus radacacha Fhorógra na Cásca agus muid ag cuimhneamh dhá chomóradh chinniúnacha; 100 bliain comóradh ar Éirí Amach na Cásca agus 35 bliain comóradh den Stailc Ocrais. Creideann muid gur léiriú praiticiúil é ár bhFéile den gheallúint bhuan ar leas an phobail.

Ar an chuma chéanna, faigheann muid inspioráid leanúnach ó na híobairtí a rinne Gaeil dhílse sa Chéis Fhada a d’fhág oidhreacht sheasmhach de rannpháirteachas agus de ghníomhaíocht neamhleithleiseach a spreagann gach uile dhuine againn chun  bheith páirteach inár bpobal agus ár ról féin a imirt, is cuma ‘cé acu atá beag nó mór’ ar mhaithe le domhan níos fearr. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button