GinearáltaImeachtaíLéachtaí PobailÓige

Gearrscannáin ár nDaoine Óga

Seoladh trí ghearrscannán ag ár ndaoine óga Dé Luain 27/11/17 i nGael-Ionad Mhic Goill. Is tionscadal iontach é seo a rinne muid i gcomhair le The Young Foundation a thug tacaíocht iontach do Mhanus, Eoghan agus Conghaile i rith an ama. 

Roghnaigh na daoine óga a scannán féin bunaithe ar: 

Eoghan: An Cumann Óige

Léirigh Eoghan a ghrá don chumann Óige ina Scannán agus chuir sé agallamh ar a dheirfiúr óg, a chuir sí ar a mothúcháin agus í sa chumann.

Conghaile: Ceol na hÉireann 

Chaith Conghaile cúpla lá ag dul thart ar an Cheathrú Ghaeltachta ag cur agallamh ar dhaoine áirithe maidir le Ceol na hÉireann. Is Scannán iontach greannmhar é seo a léiríonn scileanna iontach Chonghaile taobh thiar den cheamara.

Manus: An Stailc Ocrais 

Is scannán thar a bheith tochtmhar é seo ina gcuireann Manus agallamh ar a athair, a chaith 48 lá ar stailc ocrais. Cuireann sé agallamh ar theaghlach a athar chomh maith ar thionchar na stailce ar an teaghlach chomh maith.

Beidh na scannáin ar fáil ar an tsuíomh gan mhoill.

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button