Teaghlaigh

Aidhm: 

  • ‘Gaelsaolaíocht’ (saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge) a fhorbairt trí réimse leathan imeachtaí agus tionscnamh a sholáthar

Príomhthionchair:

  • Deiseanna méadaithe leis an teanga a aistriú ó ghlúin go glúin
  • Cuidiú agus tacaíocht a sholáthar do thuismitheoirí Gaelscoile ag dúil leis an Ghaeilge a leabú mar theanga an teaghlaigh.

Tá an Ghaeilge mar teanga shóisialta agus mar mheán ina dtógtar páistí ar aon ag dul ó neart go neart agus tá sé de bharr go bhfuil muid ag iarraidh an méid imeachtaí shóisiálta a chruthú. Le linn ár bhféiltí éagsúla, bíonn béim ar imeachtaí teaghlaigh lena n-áirítear na Bopóga do pháistí naíscoile, siúlóidí teaghlaigh, laethanta Spraoi do theaghlaigh agus gaeil óga, blitzcomórtais peile do ghaeil óga. Ach, níos tábhachtaí agus níos suntasaí arís, tá ógChumann Laochra Loach Lao anois bunaithe, an t-aon CLG lán Gaeilge fud fad na sé chontae. Ní féidir a shéanadh gur stíl maireachtála é an CLG agus dtógtar pobal timpleall air. Mothaimid go bhfuil sé tábhachtach imeachtaí mar seo a shólathár do ghaeil óga maidir le haistriú teanga ó ghlúin go glúin mar go bhfuil sé tábhachtach léiriú gur stíl maireachtála í an Ghaeilge, go bhfuil saol sóisiálta agus siamsaíocht ann agus ní abhár scoile nó caitheamh aimsir í. Saol trí Ghaeilge atá uainn.

Suí ‘s Scíth

Bhí grúpa tuistí agus tachrán i gconaí inár bplean aschur teanga, d’aithin muid go bhfuil sé tábhachtach bheith ag tacú leis na teaghlaigh inár gceantar agus inár bpobal atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge. Tcítear dúinn go bhfuil fás tagtha ar líon na dteaghlach agus nár cheart go bhfuil daoine fágtha gan tacaíocht mar bhí le blianta de bharr easpa reachtaíochta agus cearta mar aon le heaspa taithí agus ácmhainní inár bpobal.

Inár tsean áit, Bun a’ Tí, ní raibh sé ar ár gcumas bheith ag freastal ar teaghlaigh agus fáilte a chur roimh pháistí óga istigh ann de bharr riocht an fhoirgnimh ach anois go bhfuil an Ghael-Ionad againn, thug sé deis eile forbartha dúinn bheith ag freastal ar ár bpobal agus ghlac muid an cinneadh Suí ‘s Scíth a bhunadh.  Grúpa atá dírithe ar tuismitheoirí atá ag tógail teaghlaigh le Ghaeilge atá i gceist le Suí ‘s Scíth. Is spás sóisiálta, neamhfhormálta é le meascán de ghníomhaíochtaí agus sáinshúgradh eagsúil comh maith le cómhra agus comhairle idir na máithreacha. Ó thaobh aistriú teanga ó ghlúin go glúin de, mothaimid nach bhfuil mórán le freastal ar páistí óga suas go trí bhliain d’aois. Bíonn páistí ó trí bhliain d’aois ag freastal ar naíscoileanna agus is féidir leo dul i ngleic leis an Ghaeilge ansin ach tá Glór na Móna ag díriú ar pháistí faoi thrí bhliain mar aon leis na tuistí ag an tógra seo. I láthair na huaire, tá ballraíocht againn do 15 tuismitheoir agus 25 páiste.

Is tógra nua é seo dár gcuid agus is mír oibre úr é fosta, agus tá muid ag iarraidh tógáil ar an tseirbhís, ar ár gcumas agus ár n-abáltacht de réir a chéile sa dóigh is go bhfuil freastal cuí agus ceart a dheánamh againn ar theaghlaigh Ghaelacha.