SportVideosYouth

BlitzChomórtas Laochra Loch Lao

Tuairisc ó MEON EILE: 

I Meán Fómhair na bliana seo seoladh Laochra Loch Lao mar chumann peile saorscartha.

Bunaíodh na Laochra mar chomhchumann in iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2006, an chéad chumann lán-Ghaeilge sna sé chontae.

Le 10 mbliana anuas tá an cumann ag bailiú aitheantais agus tacaíochta fud fad na tíre.

D’imir na Laochra achan bhliain i gComórtas Peile na Gaeltachta ó cuireadh tús leis an chumann agus i gcomórtais ar Oileáin Árann le nascanna agus caidrimh a chothú le grúpaí éagsúla sa phobal.

Ariamh anall bhí sé mar sprioc ag Laochra Loch Lao an Ghaeilge a chur ag croílár shaol spóirt na Ceathrún Gaeltachta.

Anuas air sin chreid coiste na Laochra go raibh sé in am deis a thabhairt do Ghaeil óga a bheith páirteach in CLG trí mheán na Gaeilge agus chéana féin tugadh neart buntáistí do dhaoine óga i dtaca le sláinte agus folláine agus feasacht cultúir.

Táthar ag súil go gcuirfidh an cumann le líonra sóisialta Bhéal Feirste agus le hathbheochan na Gaeilge sa chathair.

Le déanaí tugadh deis do ghrúpa peileadóirí óga ó chumainn éagsúla – Gort na Móna, Naomh Pól agus Naomh Éanna – teacht le chéile chun páirt a ghlacadh sa chéad bhlitzchomórtas faoi stiúir na Laochra.

Chaith foireann Meon Eile maidin ghleoite gheimhridh i gColáiste Feirste i gcuideachta na bpáistí ar fad a ghlac páirt sa chomórtas agus ní amháin go raibh deis acu a bheith ag imirt peile i gcuideachta Laochra Loch Lao ach bhí laoch eile ina measc chomh maith agus é ag déanamh réidh le cuairt a thabhairt ar na páistí uilig ar Oíche Nollag…

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button