Campa Chormaic |

CAMPA CHORMAIC

Cuireadh tús iontach leis an chéad Champa Chormaic Aontroma le linn an tsamhraidh nuair a d’fhreastail thart fá 100 Gael óga ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh ar Bhóthar na Carraige Báine, Béal Feirste agus ar Naomh Eoin CLG atá taobh leis, don champa samraidh Ghaelach.

Tosaíodh ar Champa Chormaic a reáchtáil i dTír Eoghain sé bliana ó shin i ndílchuimhne ar an Ghael iomráiteach agus peileadóir Uile-Réalta, Cormac Mac an Áilín a d’éag go tragóideach sa bhliain 2004 de bharr láigeacht chroí neamhghnách.

Tá an campa bunaithe ar na suimeanna b’ansa do Chormac mar a bhí, an Ghaeilge, na cluichí CLG agus oidhreacht dhúchais.

Tá sé dírithe ar bhuachaillí agus cailíní idir 9 agus 15 bliain d’aois agus beireann sé deis daofa an teanga agus an cultúr s’againne a fhoghlaim maraon le páirt a ghlacadh i bpeil Ghaelach, iománaíocht agus camógaíocht.

Gabh chuig www.campachormaic.com le tuilleadh eolais a fháil nó seol riomhphost chuig eolas@glornamona.com

Powered by WordPress | Design by Eoin Lennon | Admin Entries RSS Comments RSS