Óg – Chomórtas Peile Laochra Loch Lao

Thosaigh an chéad féile peile Bunscoile i mBéal Feirste an bhliain seo in ómós do laoch óg áitiúila a fuair bas go tragóideach.
Fuair Liam Uí Mhuirí bas i Mí Eanáir 2010, i ndiaidh dó seal tinnis a fhulaingt go cróga.
31 bliain d’aois, bhí Liam pósta le Bernadette le cúpla, Amy agus Liam Óg. D’oibrigh sé go lánaimseartha le Comhairle na Gaelscolaíochta agus b’iardhalta é Liam ar Bhunscoil Phobal Feirste.
Tharla an comórtas atá dírithe ar Bhunscoileanna Gaeilge Bhéal Feirste ar an Déardaoin, 29ú Aibreán 2010. Bhí deich scoil ag glacadh páirte ann i mbliana. Bhí trí pháirc peile in úsáid ar an lá - Páirc Uí Dhonnabháin Rossa, Páirc Naomh Pól agus Páirc an tSáirseálaigh.
B’iad Scoil na Fuiseoige a bhí i mbarr réime ag Óg-Chomórtas Peile Laochra Loch Lao 2010 agus iad a thóg Corn Uí Mhúirí. Tógadh Sciath Uí Mhúirí ag Bunscoil Phobal Feirste i Rannóg B den Comórtas.
D’éirigh leis na Laochra maoiniú flaithiúil a fháil ó Iontaobhas Ultach a chuidigh linn íoc as an chorn, an sciath agus na boinn, a chur siad ar fáil d’achan imreoir óg a ghlac páirt sa chomórtas.
Tugadh teastas oifigiúil Laochra Loch Lao do gach páistí a ghlac páirt ar an lá a bhuíochas le Comhairle na Gaelscolaíochta a chur maoiniú ar fáil leis na teastais gleoite seo a dhéanamh.
