Daonlathachas RannpháirtíochFéiltíImeachtaíOideachasÓige

Féile na gCloigíní Gorma 2023

Caithigí súil ar chlár pacáilte na Féile 2023 le haíonna móra amhail Damien Dempsey!

Don tseachtú bliain as a chéile, tá lúcháir orainn ár bhFéile uathúil pobail, sláinte agus folláine, Féile na gCloigíní Gorma, a chur faoi lán seoil i mBealtaine 2023! Tháinig neart forbairtí chun cinn sa tsochaí ón Fhéile in 2022, idir dearfach agus diúltach.  Tá ár bpobal ag fulaingt le Géarchéim an Chostais Mhaireachtála nó ‘géarchéim bhuan an chaipitleachais’ mar a cuireadh síos air ag cruinniú poiblí a d’eagraigh muid ar na mallaibh. In ainm brabúis, tá an tsaint chéanna ag bailiú nirt i dtreo ghéarchéim is mó na haoise seo: léirscriosadh timpeallachta.

Ag an am chéanna, b’ábhar mór misnigh é pobal Uachtar Chluanaí sa bhliain a chuaigh thart. Ón cheannródaí timpeallachta Aaron Kelly agus ceannairí eile sa phobal ag déanamh obair chlaothlaitheach ag tabhairt cosaint don fhiadhúlra ar an tSliabh Dubh; ár ndaoine óga áitiúla chun tosaigh san fheachtas rathúil a d’éagraigh An Dream Dearg d’Acht Gaeilge; go bua spreagúil agus stairiúil Chlann Mhic Gabhann leis an fheachtas Donate4Dáithí a chuirfidh Dlí Dáithí ar leabhar na reachtaíochta ar an 1ú Meitheamh! Spreagann an gníomhú ón bhun aníos ar fad seo Féile na gCloigíní Gorma agus léiríonn sé gur féidir an domhan a athrú.

Seo chugaibh Clár na Féile 2023 

Bí cinnte go gcláraíonn sibh do na himeachtaí a leanas:

Tá na ticéidí ag dul go gasta! Ceannaigh ceann anseo

Cláraigh anseo do sheoladh na Féile le hArdmhéara Tina Black

Cláraigh anseo don phlé-phainéal ‘The Planet’s on Fire: What is to be Done?’

Cláraigh anseo do cheardlann Bronagh Starrs ar thuistiú páistí agus daoine óga a bhfuil imní orthu

Cláraigh anseo do léiriú scannáin ‘Páras Trí Thine’

Cláraigh anseo do cheardlann scríbhneoireachta ‘The Rest of the Story’ le Michael Patrick MacDonald

Cláraigh anseo do chamchuairt trí Ghaeilge ar Bhaile an Mhuilinn le Seán Fennell

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button