GinearáltaImeachtaíÓige

MAOINIÚ DO SHEIRBHÍSÍ ÓIGE TUGTHA AR AIS

 

MAOINIÚ DO SHEIRBHÍSÍ ÓIGE TUGTHA AR AIS

Tugann Gavin Boyd, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais, geallúint le dul i ngleic leis an earnáil chun obair óige Gaeilge a phríomhshruthú

I ndiaidh seachtain d’fheachtasaíocht ghlórach, bhuail daoine óige agus ionadaithe thar ceann Ghlór na Móna, eagraíocht phobail agus óige, le Gavin Boyd, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais, i mBéal Feirste inné. I gcaitheamh an chruinnithe, thug an tÚdarás Oideachais geallúint ar leith leis an mhaoiniú a baineadh, a thabhairt ar ais do sheirbhísí óige Gaeilge i mBéal Feirste, a d’fhág obair Ghlór na Móna bunmhaoinithe go réigiúnach.

De thoradh ar chruinniú le hoifigigh shinsearacha an ÚO ar maidin (11/04/17), tá dearbhú oifigiúil scríofa anois ag Glór na Móna go dtig leis na ceithre chumann oscailt láithreach.

Ag caint di i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Katy-Rose Miach atá 17 mbliana d’aois;

‘Tá muid thar a bheith sásta gur éist an tÚdarás Oideachais lenár mbuairimh agus le buairimh na gcéadta daoine a tháinig amach le tacaíocht a léiriú dár seirbhísí óige i rith na seachtaine. Thosaigh muid an cruinniú agus chuir mé féin agus Drithle, mo chara, ár míshástacht in iúl faoin aistarraingt maoinithe thar oíche agus mhínigh muid tábhacht ár gcumann chomh maith dóibh. D’aontaigh Gavin Boyd go mbuailfeadh sé linn amach anseo agus go rachadh sé i plé mar is gceart dhéanamh linn faoi thodhchaí na gcumann óige Gaeilge.

Sa bhreis ar a raibh ráite ag Katy-Rose, dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna;

‘Cuireann muid fáilte roimh chinneadh an Údaráis Oideachais le maoiniú óige Gaeilge a thabhairt ar ais, a chiallaíonn go dtig linn pilleadh ar seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin, tugadh dóchas dúinn i ndiaidh gheallúint an Uasail Boyd go rachadh an tÚdarás Oideachais i ngleic linn go mbeadh seirbhísí óige Gaeilge ar fáil do chách. Cuireadh i gcuimhne don Uasal Boyd maidir leis an dualgas reachtúil ar a roinn leis an Ghaeloideachas a éascú agus a chur chun cinn, agus d’aontaigh sé go smior linn nuair a dúirt sé, “nár chóir do dhuine óg ar bith a bheith faoi mhíbhuntáiste mar go roghnaíonn siad seirbhísí óige Gaeilge”. Tá muid ag dúil go mór le bheith ag obair go dian leis an Údarás Oideachais sna seachtainí agus míonna amach romhainn le cur chuige fadtéarmach níos straitéisí agus níos acmhainní do sholáthar óige Gaeilge.’

Maoiniú óige Gavin Boyd

 

 

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button