GinearáltaOideachas

Ranganna GCSE / AS / Ard Leibhéal

Glór na Móna agus Naomh Eoin ag cur ranganna ar fáil do dháltaí

Glór na Móna agus Naomh Eoin ag cur ranganna ar fáil do dháltaí GCSE, AS agus Ardleibhéal

Tosóidh sraith ranganna i gclubtheach Naomh Eoin in éinneacht le Glór na Móna Déardaoin 24ú lá Márta. Beidh na ranganna, a mhairfidh 10 seachtain san iomlan, dírithe ar dhaltaí GCSE, AS agus Ardleibhéal atá ag ullmhú dá gcuid scrúduithe samhraidh. Cuirfear ranganna comhrá agus bunranganna ar fáil d’fhoghlaimeoirí fosta mar chuid de chlár úr a ghlacfas seisiúin ceol traidisiúnta chuig an chlubtheach chomh maith le ceachtanne rince céilidh le Moya Connolly.

Gheobhaidh na dáltaí deis iontach céim eile a ghlacadh chun cinn le grád níos fearr a fháil ina gcuid scrúduithe leis an C a bhrú suas chuig B agus an B a bhrú suas chuig grád A! Beidh múinteoirí le neart táithí ar an teagsc ag gach leibhéal ag glacadh na ranganna, agus le síniú suas do iarrtar ar dhaaoine teacht chuig oíche chláraithe i gClubtheach Naomh Eoin, Bóthar na Carraige Báine, Déardaoin 3ú lá Márta, 7.30in.

Dúirt Seán Ó Corráin, an tOifigeach Gaeilge le Glór na Móna, “Tá lúcháir ar Ghlór na Móna bheith ag obair le Naomh Eoin CLG chun an Ghaeilge a fheabhsú i ndáltaí atá ag ullmhú dá gcuid scrúduithe samhraidh. Bhearfaidh an cúrsa seo deis iontach do dháltaí óga grádanna níos fearr a fháil ina gcuid scrúduithe GCSE agus Ardleibhéal, rud a dhéanfaidh difear mór agus iad ag iarraidh áit ollscoile a fháil, má théann siad leis an Ghaeilge ná muna dtéann.”

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seán ar;

oifig@glornamona.com

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button