Ginearálta

Glór na Móna i measc buaiteoirí ag Bronnadh Náisiúnta Ghlór na nGael

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad oíche Shathairn (22/04/17).

I measc na nduaiseanna a bronnadh ar an oíche, bronnadh an chéad áit sa Rannóg do ghrúpaí le daonra idir 4,000 agus 20,000 ar Glór na Móna. Chomh maith le teastas, bronnadh seic do €4,000 orthu ar an oíche. Bhí Feargal Mac Ionnrachtaigh i láthair ón choiste leis an duais a ghlacadh. D’éirigh le Glór na Móna an chéad áit a bhaint amach sa rannóg seo de bharr an sár-obair a rinne siad i mbun forbairt pobail trí Ghaeilge sa cheantar áitiúil in 2016. Tháinig Ionad Uíbh Eachach sa tríú áit sa Rannóg do ghrúpaí le daonra thar 20,000. D’éirigh leo seic do €2,000 a bhaint, agus cuirfear an tairgead go mór leis an obair atá ar siúl acu ar Bhóthar na bhFál agus an ceantar máguaird.

B’iad Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €20,000. Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, clubanna CLG agus cumainn 3ú leibhéal as sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge de.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh as ucht a obair chraoltóireachta agus a ról i gcúrsaí forbartha pobail. Bhí a bhean chéile Dolores i láthair ar an oíche, chomh maith lena mhac Dónall, agus a chuid iníonacha, Éadaoin & Póilín.

Chomh maith leis an Uachtarán, bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge agus Údarás an Gaeltachta ina measc.

Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, ag glacadh leis an duais don chéad áit sa Rannóg do ghrúpaí le daonra idir 4,000 agus 20,000, i guideachta Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Pat Carey, Cathaoirleach Bord Stiúrtha Ghlór na nGael, agus Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach Fhoras na Gaeilge
Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, ag glacadh leis an duais don chéad áit sa Rannóg do ghrúpaí le daonra idir 4,000 agus 20,000, i guideachta Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Pat Carey, Cathaoirleach Bord Stiúrtha Ghlór na nGael, agus Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach Fhoras na Gaeilge
Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button