Bríce an Phobail

Is eagraíocht pobail agus óige muid atá ag tógáil pobal Gaelach ar bhóthar na Carraige Báine i spásanna oifigí le 10 mbliana anuas. Le tamall tá ár bhfeachtas tiomsaithe airigid ‘Tógáil Croí 500’ ag dul ó neart go neart idir anseo agus go hidirnaisúnta, le himeachtaí rathúla i gCeanada agus i Méiriceá, chun airgead a thiomsú le haghaidh Ionad Pobail Gaelach sáintógtha, a bhéas an chéad fhoirgneamh cosúil leis seo in Éirinn.
Anois, tá bhur gcuidiú de dhíth orainn chun an fhís a bhaint amach agus Croí na Carraige a thógáil chun an obair cheannrodaíoch atá a dhéanamh againn a chaomhnú agus a neartú.
Tá muid a lorg £30 chun Bríce Pobail a cheannach agus leis seo beidh aitheantas ann do gach duine a chuidíonn linn an foirgneamh úr seo a thógáil.
Féach an fhoirm thíos chun Bríce a cheannach agus do ról a imirt i dtodhchaí Gaelphobal Feirste.


