Bricfeasta Saor agus Gaelach

Ghlac muid an chéim bheag seo le deoch agus le bricfeasta te a thabhairt amach do dhuine ar bith a bhí á n-iarraidh. Cruthaíonn seo dearfacht agus dlúthpháirtíocht i measc an phobail a léiríonn nach bhfuil cead de dhíth le bheith flaithiúil. Ba mhian linn dóchas, bród agus muinín a chothú inár bpobal le Bricfeasta Pobail Saor agus Gaelach

Bíonn muid amuigh arís ar an Aoine dheireanach de gach mí. Buaileann muid le chéile idir 7:45 agus 9:15 agus cuireann muid fáilte roimh aon chuidiú agus tacaíocht. Tá súil againn go dtabharfaidh seo misneach do dhaoine eile togra bricfeasta saor a dhéanamh ag an am chéanna lenár gceann féin, thart fá Bhéal Feirste

Déanann daoine áitiúla plé linn agus iad ag baint taitnimh as tae/caife agus bricfeasta ag barr na Carraige Báine. Is léir ó dhearfacht agus ó bhuíochas an phobail gur togra fiúntach é seo a théann i bhfeidhm ar dhaoine. Fuarthas an spreagadh chun seo a dhéanamh agus duine óga dár gcuid a bhí ag léamh leabhar faoi na Pantair Dhubha agus a gcumainn bhricfeasta cháiliúla (an togra ba mhó a chuir Slándáil Náisiúnta Mheiriceá i mbaol, de réir J Edgar Hoover); agus thug sin misneach dúinn

Cuireadh iontas nach beag orainn nuair a fuair muid amach go bhfuil 13 bhanc bia ann i mBéal Feirste i mbliana, i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste na dífhostaíochta. Is droch léiriú é seo ar an tsochaí agus orthusan atá i gcumhacht. Fuair muid amach go bhfuil pionós airgid á ghearradh ar na mílte atá tinn, faoi mhíchumas, agus dífhostaithe ag oifigí slándáil shóisialta gach mí, cé go bhfuil poist gann de bhrí teipe ar pholasaí an rialtais. Is ionsaí iad na pionóis airgid ar mhuintir iarthar Bhéal Feirste atá ag cruthú náire forleathan agus cultúr ciúnais. Tá gnáthdhaoine, i gcruachás, san fhaopach agus leo féin.

Má tá suim agat tacú leis an togra seo nó bheith ag obair linn, is féidir teagmháil linn ag oifig@glornamona.com nó scairt a chur orainn ag 02890234442.

https://www.facebook.com/glor.mona/videos/430558587287922/

Back to top button