Bricfeasta Saor & Gaelach

Bricfeasta Saor ‘s Gaelach 2017

Ó cheann ceann na bliana, eagraíonn Glór na Móna Bricfeasta Saor ‘s Gaelach spreagtha ag na Pantair Dhubha i ndlúthpháirtíocht leis an phobal áitiúil. Bunaíodh an togra seo in 2017 agus cuireann muid an bricfeasta saor ar fáil le linn na bhféilte bliantúla Seachtain na Gaeilge, Féile na gCloigíní Gorma (i gcomhpháirtíocht le hIonad Pobail agus Óige Chnoc Nua), Féile na Carraige agus Fleadh Feirste.

Tá ardú leanúnach agus suntasach ag teacht ar phraghsanna de bhia, teas, leictreachas agus riachtanais mhaireachtála bunúsacha eile agus ag cur go leor teaghlaigh i gceantair lucht oibre i mbaol. I rith ama, tá comhlachtaí móra idirnáisiúnta ag sárú curiarrachtaí maidir leis an méid brabúis atá á dhéanamh acu faoi láthair, amhail BP agus Shell.  Ní comhtharlú é seo.

Cuirtear ‘Géarchéim an Chostais Mhaireachtála’ ar an fhadhb faoi láthair, ach mar is eol dúinn agus mar a dúirt an t-iriseoir Indiach Vijay Prashad, “don lucht oibre, is spealadh buan agus géarchéim bhuan é an caipitleachas“.  Ní chuirfidh an togra s’againn Bricfeasta Saor ‘s Gaelach deireadh leis seo thar oíche, ach is coiscéim é chun dlúthpháirtíocht a léiriú lenár bpobal iontach é.

Físeáin:

 

Back to top button