Campa Chormaic Aontroma

Tá clú agus cáil ar an teanga agus na cluichí Gaelacha i gCo. Aontroma, go háirithe i mBéal Feirste, mar sin is ceantar ar leith í Béal Feirste do Champa Chormaic.

Beidh Campa Chormaic Aontroma ag pilleadh ar Choláiste Feirste do Shamhradh 2018, i ndiaidh do na haiseanna úrscothacha spóirt a bheith críochnaithe ar na mallaibh. Tá muid ag dúil go mór le dul ar ais go dtí an Cheathrú Ghaeltachta, ach muid thar a bheith buíoch as tacaíocht Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Ghaelscoil na Móna le blianta beaga anuas.

Tá Campa Chormaic Aontroma dírithe ar pháistí idir 8 agus 16 bliana d’aois, idir bhuachaillí agus Cailíní. Tá muid ag dúil go mór le bhur gcuideachta i rith an champa i mbliana!

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar: www.campachormaic.com

Back to top button