FéiltíGinearáltaImeachtaí

Seachtain na Gaeilge 2018

Tá clár pacáilte d’imeachtaí curtha le chéile ag foireann Ghlór na Móna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus Féile an Earraigh. Níos suntasaí arís, tá muid ag déanamh ceiliúradh ar Bhliain na Gaeilge i mbliana de thairbhe go bhfuil sé 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge agus gur cuireadh tús le hathbheochan teanga na linne seo. Ar bharr sin, tá muid ag déanamh ceiliúradh ar Féile 30 i mbliana fosta. Bunaíodh Féile an Phobail ag daoine agus gníomhaithe áitiúla le cur chuige ón bhun aníos 30 bliain ó shin sa bhliain 1988 chun ardú feasachta agus ceiliúradh a dheánamh ar nádúr, tallann agus polaitíocht mhuintir an Iarthair de bharr slad na meán ar ár bpobal tar éis Gibraltar agus na n-iareachtraí.

Arsa stiúrthóir na heagraíochta Feargal Mac Ionnrachtaigh, “cuimsíonn ár gclár seo ar fad agus muid faoi anáil buanna an chumhactú phobail, úinéireacht agus bróid fhéiniúlachta agus ceartas sibhialta le ceist na Gaeilge sa sochaí nua-aoiseach, polaitíocht ár bpobal idir mná, claonpháirteachas stáit agus an fhealsúnacht idirnáisiúnta mar aon le himeachtaí óige do Ghaeil óga misniúla fud fad na cathrach.”

Dár gcéad imeacht, beidh an scríbhneoir agus scoláire Alan Titley linn ag amharc ar stair mhalartach na hÉireann is na Gaeilge mar aon le Cathaoirleach Chumann Uaigheann na Laochra Gael (NGA), gníomhaí agus ionadaí pobail Joe Austin i mbun comhrá fá Gibraltar agus glacadh abhaile na dtrí óglach, Mairead Farrell, Sean Savage & Dan McCann chomh maith le hiar-thionchar na tréimhse sin 30 bliain ina dhiaidh.

Mar chuid d’imeacht Lá Idirnaisiúnta na mBan, tá muid ag díriú isteach ar cheist agus stair na mban, agus an obair atá déanta ag mná ár bpobal i dtaobh stocaireacht agus forbairt aitheantais agus ról na mban i ngach gné den saol. Beidh Michele Devlin agus Claire Hackett linn ag léiriú A Kind of Sisterhood, scéal bhanchimí Ard Mhaca agus Maghaberry ina bhfocail féin, léiriú ar dhoimhneacht a bhfulaingthe, a bhfrithsheasmhachta i dtaobh cóiriúlaithe agus neart a mbannaí. Ar bharr sin, beidh an staraí feimineach Dr Margaret Ward linn do léiriú Vótaí do Mhná scéal eagrúcháin agus crógachta é an dóigh ar bhain Mná na hÉireann an vóta amach in ainneoin aineolais, neamhshuime agus naimhdis. Deir Oifigeach Forbartha Gaeilge Brónagh Fusco , “Tá na himeachtaí seo dírithe ar na mná iontach tábhachtach againn go pearsanta de bharr an tionchair a bhí acu ar an aimsir láithreach. I dtaobh na hagóidíochta sna príosúin, bíonn an bhéim dírithe ar na fir go príomha cé go raibh ról lárnach agus íobairtí móra pearsanta á ndéanamh ag na mná i rith ama chomh maith. Fosta, seo deich i mbliain na gcuimhneachán agus céad bliain ó bhain mná an ceart vóta a caitheamh agus cé nach raibh sé gan coinníoll, tá ceacht ann dár ngliúin i dtaobh eagrúcháin agus féintreoraithe agus is fiú go mór iad na comhráití seo bheith againn go háirithe agus muid i lár feachtas aisghairme. ”

Chomh maith le Titley, Gibraltar agus imeachtaí na mban, beidh léiriú againn don scannán atá bunaíocht na Breataine ag iarraidh a choinneáil faoi rún, No Stone Unturned. Léiríonn an scannán le stiúrthóir agus buaiteoir Oscar, Alex Gibney, teaghlaigh Loughinisland agus iad ag dul i ngleic le bunaíocht na Breataine ar nós David agus Goliath leis an fhírinne a léiriú maidir le cosaint mharfóirí a mball teaghlach ag na péas. Beidh an t-iriseoir iomráiteach againn ar an Barry McCaffrey chomh maith le dlíodóir na dteaghlach, Niall Murphy chun ceisteanna a fhreagairt.

Mar aon le bheith ag amharc agus ag díriú ar ár stair agus polaitíocht féin, beidh muid ag amharc ar thionchar an fhealsunaí Antonio Gramsci, le taispeáint “Antonio Gramsci”, scannán ag amharc ar eachtraí agus imeachtaí i bhfealsúnacht an smaointeora réabhlóidigh Sairdínigh, Antonio Gramsci. Beidh caint again roimh ré ó léiritheoirí an scannáin Tore Cubeddu agus Antonello Zanda ón tSairdín.

Ar bharr na n-imeachtaí pobail, tá léir mhór ar siúl againn do dhaoine óga, ní féidir séanadh go bhfuil Glór na Móna aitheanta fud fad na tíre mar cheannródaithe san obair óige agus tá clár pacáilte fá choinne Seachtain na Gaeilge ar bharr na ngnáthshesiúin óige. Áirítear comh-imeacht turas imchónaithe ag titim amach in East Coast Adventure Centre le 60 Gael óga Fheirsteacha le himeachtaí eachtraíochta faoin spéir agus tógáil foirne mar aon le Cumann Óige Glór Chollain ag óstáil imeacht do 200 Gael óga ón cheithre chumann óige Fheirsteacha le cluichí, cóisir & dioscó ag titim amach. Beidh oiliúint curtha ar fáil don fhoireann & oibrithe deonacha fosta le Suicide Awareness dirithe ar gharchabhair Suicide Assist. Beidh na cumainn óige ar fad i mBéal Feirste ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan leis na cailíní óga le ceardlanna feimíneacha, ceol, bia & craic ann. Deir an comhordaitheoir óige, Orliath Mhic Leannáin, “Tá beagnach dhá mhíle go leith duine óg ag fáil oideachais trí Ghaeilge sa lá atá inniu ann agus tá sé thar bheith tábhachtach go bhfuil soláthar maith cuimsitheach ag na daoine óga sa Ghaeilge taobh amuigh den scoil. Is daoine misniúla, cliste iad agus tá siad lárnach sa phobal seo agus tá sé tábhachtach againn go mbíonn trasnachas ann agus díríonn muid ar imeachtaí agus gnéithe a dtéann i bhfeidhm ar a saolta bíodh sin an feachtas Dearg nó ceist na mban mar a léiríonn ár n-imeachtaí do Lá Idirnaisiúnta na mBan. ”

Beatha teanga í a labhairt. Tuilleadh eolais ar 90 234442 nó oifig@glornamona.com

Gliogáil an nasc seo don chlár iomlán.

Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button