Cumann Iascaireachta LL

Bhunaigh muid Cumann Iascaireachta Loch Lao i Márta na bliana 2015, i ndiaidh moladh ónár ndaoine óga go raibh níos mó deiseanna de dhíth orthu a gcuid Gaeilge a úsáid go sóisialta agus í a úsáid i spásanna ina bhfuil dúil mhaith acu iontu.

Is í an sprioc atá againn ná an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an Iascaireacht, rud a chuirfeas le forbairt theangeolaíoch, phearsanta agus sóisialta na mball. Tá an cumann oscailte againn do dhaoine atá líofa, daoine atá ag foghlaim na Gaeilge, nó do dhaoine a bhfuil cúpla focal agus daoine nach bhfuil Gaeilge acu ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Chuir muid béim mhór ar mhná a mhealladh chuig an chumann sa bhliain 2016, agus d’éirigh linn an sprioc sin a bhaint amach. Mar thoradh air sin, tá níos mó ban mar bhall den chumann anois ná mar atá fir.

Tá sé de rún againn rang a chur ar fail i Mí an Mheithimh in i nGael-Ionad Mhic Goill sa dóigh is go bhfuil an t-eolas ceart ag daoine faoin trealamh iascaireachta, faoin éiceachóras, faoin timpeallacht, agus faoin tsláinte agus tsabháilteacht atá bainte le gníomhaireacht iascaireachta. Tá sé i gceist againn turais lae leathúil a dhéanamh chuig suíomhanna áitiúla timpeall na háite idir Bealtaine – Meán Fómhair.

 

Back to top button