Daonlathachas RannpháirtíochFíseáinGinearáltaLéachtaí PobailOideachas

Scoil Gheimhridh Uí Chadhain seolta leis an Eacnamaí Iomráiteach, Yanis Varoufakis mar aoichainteoir

“Ardán daonlathach agus ionchuimsitheach a chuir ar fáil do ghníomhaithe ó réimse d’fheachtais an phobail ar mhaithe le Éire úr”

Seoladh Scoil Gheimhridh Uí Chadhain ar an Aoine 9ú Nollaig le comhrá an-spéisiúil leis an eacnamaí den eite clé agus iar-aire airgeadais na Gréige a bhfúil clú domhanda air, Yanis Varoufakis.

Labhair sé ar an ghean a bhí aige le blianta do cheist na hÉireann: ‘Ní labhraím Gaeilge faraor ach ba mhian liom!  Ní saineolaí mé ar Athaontú na hÉireann ach ar fáth éigean bhí dáimh agam le bhur gcúis ó haois an-óg’.

Dúirt sé fosta ‘tá sé dódhéanta a mheas tábhacht na ngluaiseachtaí sóisialta faoina gcumas chomh maith le páirtí nó páirtithe polaitiúla a bheith ann a n-aithníonn a dteorainn, agus go bhforbraíonn siad a gcaidreamh leis na gluaiseachtaí sóisialta seachas seilbh a ghlacadh orthu’

Comhrá spleodrach a bhí ann inar labhair sé faoi mhórcheisteanna na sochaí agus mhol sé go hard an Scoil Gheimhridh agus ghabh sé dlúthpháirtíocht linn.

Leanfar an Scoil inniu an Satharn 10ú Nollaig i nGael-Ionad Mhic Goill le ceardlanna agus plé ar an réimse dúshláin a bheas i gcroí-lár aon Éire úr, amhail: athrú aeráide, athshlánú na Gaeilge, tithíocht, neodracht, sláinte, teifigh agus lucht iarrtha tearmainn, an lucht siúl – agus go leor eile. 

Arsa Eoghan Ó Garmaile, duine de na heagraithe an Scoil Gheimhridh:

“Tá an comhrá maidir le hÉire Aontaithe ag bailiú nirt diaidh ar ndiaidh.  Tá sciarannna leathan den phobal anois páirteach sa díospóireacht fud fad an tsochaí maidir le todhchaí bunreachtúil na tíre agus beidh brú de dhíth le cinntiú go bhfuil miantaí agus aisling na pobail ar an imeall príomhsruthaithe sa chomhrá níos leithne sin.  Mar sin de, ní mór do ghníomhaithe pobalbhunaithe sa lucht oibre an brú sin a chuir.  Faoi scáth an tógra ‘Ag Samhlú Éire Nua’, tháinig roinnt eagraíochtaí agus gníomhaithe ón phobail le chéile chun dhá lá d’oideachas pholaitiúil a eagrú agus gluaiseachtaí eile forásacha/den eite chlé agus grúpaí ón phobail a bhailiú le chéile agus spás a thabhairt dúinn uilig plé oscailte faoin cheist a dhéanamh chun cinntiú nach gcuirfear ‘brat glas’ amháin in airde mar a dúirt an Conghaileach.  

Tá seasamh Uí Chonghaile ar an ghéarghá le ceisteanna ceartas sóisialta agus an pholaitíocht aicme bheith i gcroílár aon diospóireacht ar Éire úr chomh tráthúil in 2022 agus a bhí sé in 1897 nuair a scríobh sé na focail cáiliúla sin. Chuige sin, d’eagraigh muid Scoil Gheimhridh Uí Chadhain ar an Aoine 9ú agus Satharn 10ú Nollaig chun ardán daonlathach agus ionchuimsitheach a chuir ar fáil do ghníomhaithe ó réimse d’fheachtais an phobail ar mhaithe le Éire úr bunaithe ar na focail faire ‘Fuascailt, Comhionannas agus Dlúthpháirtíocht’.  Tá sé mar aidhm againn an ‘dearcadh ón bhun aníos’ tríd deis chairdiúil agus chomrádúil a chruthú do ghníomaithe chun breathnú agus cur is cúiteamh a dhéanamh ar na fadhbanna is dúshlánaí romhainn inár sochaí inniu.  Is féidir leis seo, dár linn, uirlisí praiticiúil chun gnímh a chuir ar fáil agus deis ar leith na fadhbanna seo a nascadh agus comhghuaillíocht comhoibríoch a thógáil idir ghluaiseachtaí agus feachtais na cosmhuintire a neartaíonn gréasáin na ngíomhaithe atá ann cheana.”

Tuilleadh eolais, teagmháil eoghan@glornamona.com

Físeán iomlán den comhrá le Yanis Varoufakis:

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button