Ginearálta

Céadta i mbun agóide ag oifigí an Údaráis Oideachais ag tacú le cumainn óige Gaeilge

Céadta i mbun agóide ag oifigí an Údaráis Oideachais ag tacú le cumainn óige Gaeilge

Teachtaireacht láidir tugtha do cheannaire an ÚO – ‘Is gá don obair óige Gaeilge bheith príomhshrutha

Bhí breis agus 700 duine i mbun agóide go spleodrach ar Shráid Acadaimh inniu i mBéal Feirste le cur in aghaidh chinntí an Údaráis Oideachais a bhain maoiniú ó sheirbhísí óige Gaeilge a d’fhág ceithre chumann óige ar fud na Cathrach druidte an tseachtain seo.

Thug na céadta daoine, idir óg agus aosta, níos mó ná míle litir ag éileamh go ndéanfar aischóiriú ar an chinneadh maidir le haistarraingt maoinithe mar aon le cruinniú láithreach le Roinn an Oideachais agus leis an Údarás Oideachais.

Ag caint di ag an agóid inniu, dúirt Erin McKinley (16 bliana d’aois), ball de Chumann Óige Uachtar Chluanaí;

‘Tá mé go hiomlán croíbhriste gur dhruid an tÚdarás Oideachais mo chumann óige, ach thug sé spreagadh domh theacht amach anseo ar son an fheachtais seo lenár seirbhísí óige a shábháil chomh maith leis an tacaíocht maoinithe cheart a fháil.’

Ar fhágáil isteach na litreacha, ghlac na hagóideoirí páirt in agóid suí isteach sna hoifigí agus dúirt Conchúr Ó Muadaigh, a chaill a phost de bhrí na haistarraingthe maoinithe;

‘Bíonn iarmhairtí ann le cinntí náireacha agus tá sé de rún againn inniu fearg ár bpobail a ghlacadh chuig doirse na mboc freagrach. Ní ghlacfaidh muid leis na cinntí seo a chiallaíonn go bpléifí linn go neamhfhabhrach cosúil le saoránaigh dara grád, mar a pléadh linn go leatromach leis an aistarraingt maoinithe gan bá gan meas.’

De réir Fheargail Mhic Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna; ‘

‘Cuireann muid fáilte roimh dhearbhú Gavin Boyd, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachais, go bhfuil sé toilteannach oibriú go dearfach agus go tairbheach linn, le réiteach láithreach a aimsiú lenár soláthar óige reatha a aischóiriú.

Chomh maith leis sin, d’aontaigh an tUasal Boyd bualadh linn agus d’aithin sé an gá don Údarás Oideachais a bheith ag dul i dtreo seirbhísí óige Gaeilge a phríomhshruthú agus cur chuige fadtéarmach, straitéiseach, acmhainneach a thabhairt isteach.

Is gá don obair óige Gaeilge bunmhaoiniú a fháil agus leanfaidh muid ar aghaidh go dtí go gcomhlíonann Roinn an Oideachais a dualgas reachtúil  leis an Ghaeloideachas a éascú agus a chur chun cinn.

 

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button