Dlúthpháirtíocht na Palaistíne

I bhfad sular bunaíodh é mar eagraíocht in 2004, bhí gníomhaithe Ghlór na Móna i gcónaí ag feachtasaíocht agus ag gníomhú i ndlúthpháirtíocht leis an Phalaistín. Mar gheall ar chúinsí stairiúla, polaitiúla, eacnamaíocha agus cultúrtha in Éirinn, bhí dáimh ag muintir na hÉireann i gcónaí leis an streachailt Phalaistíneach ar son na saoirse in aghaidh coilíniú an rialtais eachtraigh, Iosrael, atá faoi scáth impiriúlachais an Iarthair.

Ní hamháin go n-aithníonn lucht coilínithe an domhain an dáimh seo, ach aithníonn lucht an rachmais féin é freisin, mar a mhaígh an chéad ghobharnóir míleata Iarúsailéim, Ronald Storrs, ag an am gur cheart go mbeadh an stát nua Iosraelach ‘mar Ulaidh beag dílis do Shasana i bhfarraige d’arabachas naimhdeach.’

Tá tograí dlúthpháirtíochta de chuid Ghlór na Móna leis an Phalaistín níos riachtanaí anois ó thosaigh an chéim is déanaí den slad Iosraelach ar Phalaistínigh ó Dheireadh Fómhair 2023 ar aghaidh.

Seo iad tograí dlúthpháirtíochta eagraithe ag Glór na Móna thar na mblianta. Saoirse don Phalaistín!

Léirsiú an Uachtar Chluanaí i ndlúthpháirtíocht leis an Phalaistín:

Stailc Náisiúnta na hÉireann ar son na Palaistíne:

Achoimre den léirsiú dlúthpháirtíochta Iarthar Bhéal Feirste ar son Liam Óg Ó hAnnaidh & Kneecap:

An Léirsiú Iomlán:

Scéal Meon Eile ar an léirisiú:

Dlúthpháirtíocht ó Óige Ghlór na Móna (tuilleadh eolais anseo):

Cruinniú poiblí le guthanna na Palaistíne chun gníomhartha a eagrú i nDeireadh Fómhair 2023 (tuilleadh eolais anseo):

£2000 bailithe ag ceolchoirm áitiúil do UNWRA agus é faoi ionsaí ag rialtais an Iarthair (tuilleadh eolais):

Maidin Chaife ar son na Palaistíne i gcomhar leis An Lon Dubh (Scéal Meon Eile):

Oíche Scannáin na Palaistíne le Musheir El-Farra & Intreoir le Tommy McKearney:

Ceardlann Damhsa na Palaistíne le Mustafa Alsaidi & Belfast Dabke:

Podchraoladh ar an Champa Aida & Ionad Lajee le Hazar Azzeh, Mohammad Alazzah & Ainle Ó Cairealláin

Tadhg Hickey & Clare Daly ag labhairt fá Dlúthpháirtíocht na Palaistíne:

Richard Medhurst & Seán Murray fán léiriú scannáin ‘Lebanon: Neo-colonialism and Resistance’:

Laochra Mac Iomaire ó Ghlór na Móna ag labhairt fán obair dhlúthpháirtíochta s’aige tríd Gaeilge22:

Malartú Cultúir Gaeilge-Araibis & Bailiú Airgid ar son na Palaistíne:

Déan teagmháil le oifig@glornamona.com le haghaidh tuilleadh eolais!

Back to top button