FéiltíGinearáltaImeachtaí

GIG na Féile – KÍLA, Barry & Laura Kerr, Jake Mac

Féile na Carraige

___________________________________________
KÍLA

Deirtear faoi Kíla, ar bunaíodh is iad fós ar scoil go deireadh sna h-ochtóidí, go bhfuil siad ar cheann de na bannaí is bisiúla agus is bísiúla in Éirinn. Tá a gcruth féin á chur acu ar an cheol Gaelach, cruth a bhíonn ag siar athrú le fuaimeanna ó cheolta na cruinne nó a dtuairimí ceolmhara úra féin. ‘Ceol comhaimseartha cruinne Gaelach’ an cur síos a déantar orthu go minic mar go mbíonn siad ag seinm a n-amhráin úra Gaeilge le h-urilisí ceol dúchasacha ar nós fidil, feadóg, píobaí, is bodhrán le djembe, congas is drummaí mar aon le mandóilín, dord-ghiotár is giotáir aibhléiseach. Tá cúlraí ceol dúchasach, claiseacheach, is rac ag an t-ochtar ball de Kíla.
Sé an toradh ná cumas úr cheol de fhoinn fhíochmhara, portanna preabacha agus rithimí corraitheacha a sháraíonn teorainneacha an cheoil Ghaelaigh.

Barry & Laura Kerr

Tógadh deartháir agus deirfiúir Barry agus Laura Kerr i gContae Ard Mhacha agus sheinn siad ceol le chéile a saolta ar fad agus cuimsíonn an albam seo a gcaidreamh ceoil go maith. Is fidléir í Laura agus is il-sheinnteoir é Barry lena n-airítear an fhliúit, na píobaí uilinn, giotar, bouzouki agus amhránaíocht. Beidh na ceoltóirí iontacha, Donogh Hennessy agus Ryan O’Donnell ina gcuideachta fosta ar an oíche.

Jake Mac

Is de bhunadh Cnoc na Foinse é Jake Mac agus is iar-dhalta é ar Bunscoil Phobal Feirste agus Coláiste Feirste. Nuair nach mbíonn sé ag cumadh nó ag seinm amhráin, is oibrí óige agus gníomhaí teanga é Jake.


Áit / Place: CLG Chairdinéal Uí Dhomhnaill / O’Donnell’s GAA
Am / Time: 20:30 – mall
Costas / Cost: £7 https://kila.eventbrite.com

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button