FíseáinGinearáltaÓige

Ní sláinte go sláinte mheabhrach!

Ní Sláinte, go Sláinte Mheabhrach!

Ní scéal rúnda é, go bhfuil greim scornaí ag an ghearchéim sláinte mheabhrach ar ár sochaí. Mura mhothaigh tú na hiarmhairtí go pearsanta, is cinnte go bhfuil aithne mhaith agat ar dhuine a mhothaigh. Níl le déanamh agat ach súil a chaitheamh ar na figúirí féinbháis, atá dhá bhliain as dáta anois, ach go fóill breis agus 4315 duine ó 1997, an mhórchuid dóibh ina bhfir óga, an mhórchuid dóibh i gceanntair faoi míbhuntáiste eacnamaíochta.

Cad is féidir linn a dhéanamh? Níl freagair amháin ann, agus ní mór a rá go bhfuil a lán fadhbanna a chuireann leis an ghearchéim, ach is féidir linn tús a chur le comhrá stuama i measc ár gcairde, teaghlaigh agus ár bpobal. I measc phobal na Gaeilge, chuir seachtar fear óg ón Uachtar Chluanaí tús lena n-aistear féin breis is fiche sheachtain ó shin le tacaíocht ón Thomas Devlin Fund, Youth Forum agus eascaithe ag Glór na Móna. Glach an grúpa páirt i dtionscadal LIFEMAPS – modh obairghrúpa nua bunaithe ar thaighde atá dirithe ar oideachas Sláinte Mheabhrach. Chomh maith le comhrá faoina gcuid mothuchán – rud atá ar iarraidh ó shaol fear mar gheall ar an chultúr ‘Macho’ nó ‘Fearaíoch’ – d’fhoglaim an grúpa dóigheanna le stres a láimhseáil, múinín a fhorbairt, agus na mothucháin s’acu féin a aimsiú agus a thuigbheáil.

Mar chuid den phroiseas d’foghlaim siad scíleanna praiticiúla éalaíne chomh maith, a chuir siad i dtreo múrphictúir iontach a sheol Foireann Óige Ghlór na Móna! Le níos mó den chineál oibre seo ar bun san Uachtar Chluanaí sa bhliain romhainn, ar a laghad  beidh deis againn an comhrá stuama seo a treoiriú!

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button