FíseáinGinearáltaImeachtaíÓige

Seoladh Thionscadal Óige an tSléibhe Dhuibh

Lainseáladh Athmhúscailt an Fhathaigh go hoifigiúil oíche Déardaoin i nGael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil eagraíocht phobail agus óige lán-Ghaeilge lonnaithe, Glór na Móna. Mhaoinigh an scéim Young Roots ag Heritage Lottery an tionscadal oidhreachta timpeallachta óige seo a mhair dhá mhí dhéag, agus bhí breis is 150 duine óg san Uachtar Chluanaí agus níos faide ón bhaile páirteach ann. Tharraing foireann óige Ghlór na Móna aird ar na buanna a thit amach roimhe seo ar an tSliabh Dhubh, chomh maith leis an deis a thapú leis an oidhreacht ar leith atá againn a chur ar fáil don phobal arís. Ar a bharr sin, déanann an tionscadal seo ceiliúradh ar níos mó ná 35 bliain de ghníomhaíochas diongbhailte ar an tSliabh Dhubh, chomh maith le meas a léiriú dóibhsiúd a chaith a gcuid ama ag troid go dian deonach in éadan scrios na mianadóireachta ar an tSliabh Dhubh.

Leis an imeacht seo, seoladh suíomh úr cartlainne don phobal, ina bhfuil ábhar digiteach ó Chartlann Phobail Tharlaigh Mhic Ionnrachtaigh agus ó Chartlann Pháirtíocht Chnoic Bhéal Feirste, chomh maith leis ‘An Fathach’, clár faisnéise úr. Is mór an t-áthas a bhí ar an phobal, nuair a sheol Foireann Óige Ghlór na Móna, atá ag seasamh ar ghualainn fathach, an tionscadal oidhreachta agus timpeallachta ‘Athmhúscailt an Fhathaigh’. Fuair an tionscadal an t-ainm ón scríobhaí agus aorthóir iomráiteach, Jonathon Swift, agus deirtear gur spreag Cnoic Bhéal Feirste Jonathon lena úrscéal cáilliúil Gulliver’s Travels.

Dúirt Conchúr Mac Siacais, co-ordaitheoir an tionscadail;

“Is mar gheall ar na daoine óga, chomh maith le páirtnéirí áitiúla go raibh an oiread sin ratha ar an tionscadal ar leith seo. D’oibrigh muid le Cormac Ó hAdhmaill agus Gearóid Ó Muilleoir atá mar shaineolaithe áitiúla oidhreachta agus timpeallachta, mar aon le Roddy Hegarty, cartlannaí digiteach ó Leabharlann Chairdinéal Uí Fhiaich, a d’éascaigh ceardlann praiticiúil dár ndaoin

e óga. Bhí aidhm ag an tionscadal aird a tharraing ar oidhreacht Chnoic Bhéal Feirste, a bhí ar thairseach an bháis, agus í a athbheochan le stair nádúrtha, stair shóisialta, béaloideas, ceol, scéalta, fiadhúlra agus gníomhaíochas timpeallachta pobail a thit amach ar na cnoic.

Sheol muid An Fathach, ár gclár gairid faisnéise, agus beidh sé anois ar fáil ar ár suíomh úr idirghníomhach www.ansliabhdubh.com, chomh maith le stor iontach d’ábhar digiteach cartlannaithe agus cuimhneacháin áirithe ar nós grianghraf, físeán, taifeadáin fuaime, léarscáile agus cáipéisí.

‘Is é seo go díreach an chéad chéim eile inár n-aistear, a thosaigh breis is 30 bliain ó shin le gníomhaithe áitiúla timpeallachta a bhí ag seasamh an fhóid ar mhaithe lena bpobal, agus fuair siad an lámh uachtair ar bheagnach gach deacracht.  Is cinnte nach mbeadh anocht indéanta gan an tacaíocht fhlaithiúil ónar maoinitheoirí, Heritage Lottery. Tá súil againn gur léirigh muid an caighdeán oibre is féidir a bhaint amach le daoine óga nuair a théann siad i ngleic le hoidhreacht áitiúil. Ní seo ach tús do Ghlór na Móna leis an obair ar ár n-acmhainn nádúrta is fearr sa cheantar, agus is é sin An Sliabh Dubh. Tá fís fhadtéarmach againn leis an tionscadal seo agus é de rún againn an chartlann a fhorbairt le go mbeidh nasc arís ag muintir na háite leis an dúchas áitiúil.’

Labhair Aidan Crean, gníomhaí timpeallachta le blianta fada agus crann taca de Chluain an Bhogaidh, ar an oíche chomh maith agus dúirt sé;

‘Chuaigh an tionscadal óige seo go mór i bhfeidhm orm a léiríonn obair iontach Tharlaigh Mhic Ionnrachtaigh agus Ghrúpa Timpeallachta an tSléibhe Dhuibh. Chan amháin sin, ach leanann an tionscadal seo leis an obair iontach a rinneadh agus cuireann sé oidhreacht luachmhar ar fail don phobal chomh maith. Tá obair mhór déanta againn le blianta beaga anuas ar Chnoic

Bhéal Feirste, atá anois oscailte agus forbartha agus bíonn na céadta míle ag baint taitnimh astu in aghaidh na bliana. Bheadh sé óiriúnach d’oidhreacht obair Tharlaigh Mhic Ionnrachtaigh agus Ghrúpa Timpeallachta an tSléibhe Dhuibh, dá mbeadh an tionscadal seo mar splanc a las an díospóireacht arís fán tSliabh Dhubh a oscailt go huile is go hiomlán, chomh maith lena chur ar ais i lámha an phobail mar áis timpeallachta nádúrtha fíorálainn. Is suntasach gur thit an t-imeacht seo amach i nGael-Ionad Mhic Goill san Uachtar Chluanaí, áit a bhfuil an tslí is fóirsteanaí don tSliabh Dhubh agus ba chóir go raibh nasc aige seo leis an chuid eile de Chnoic Bhéal Feirste. Léiríonn tionscadal óige Ghlór na Móna go bhfuil an t-éileamh ann do bhreisúsáid phobail agus is fóirsteanach í an tslí.’

Scéal ar an Irish News

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button