GinearáltaÓige

IMEACHT ROINNTE EARNÁIL ÓIGE GAEILGE

Bhí imeacht roinnte suimiúil spreagúil againn inniu mar chuid den Ghrúpa Comhairleach Réigiúnach le hionchur ó oibrithe óige, ionadaithe ón earnáil óige, ionadaithe ó ghrúpaí Gaeilge agus baill den GCR.
Labhair Eamonn Carlin ó Chlub Óige Setanta Cultúrlann Uí Chanáin agus Caoimhe Nic Cú Uladh ó Ghlór Na Móna faoina dturais féin fríd an earnáil óige Gaeilge agus thug siad ábhar machnaimh agus an-spreagadh dúinn ar a bhfuil i ndán don earnáil s’againn.
Thug ár gcairde Eliz McArdle agus Dr Gail Neill ó Ulster University Community Youth Work léargas iontach fosta ar an mhúnla don obair óige trí Ghaeilge, agus labhair Sian Rogers ó Urdd Gobaith Cymru faoi obair óige trí mheán na Breatnaise. D’fhoghlaim muid go leor is bhí plé bríomhar ar réimse ábhar. Tá muid bródúil as an méid atá bainte amach againn, agus dóchasach don mhéid atá le teacht!
Ár mbuíochas arís do na cainteoirí ar fad, do bhaill den GCR, agus don Education Authority as an tacaíocht inniu! Ní neart go cur le chéile!
Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button