Féile na gCloigíní Gorma

2017 | 2018 | 2019 | 20212022 | 2023

Tháinig roinnt eagraíochtaí pobail le chéile san Uachtar Chluanaí le féile cheannródaíoch bunaithe ar shláinte agus ar fholláine a chur le chéile in 2017. D’oibrigh Glór na Móna, Foireann Óige Uachtar Chluanaí, Cumann Óige Chnoc Nua agus Ionad Acmhainní Frank Cahill le chéile le clár plódaithe a fhoilsiú. Is féile phobalbhunaithe seachtaine í Féile na gCloigíní Gorma lonnaithe san Uachtar Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste. Is ceiliúradh an phobail é Féile na gCloigíní Gorma ar an phobal féin, ar shláinte agus ar an timpeallacht áitiúil. 

Tá sé de rún ag Féile na gCloigíní Gorma dúshlán agus misneach a thabhairt chomh maith leis an líon is mó daoine áitiúla a mhealladh a chothóidh cultúr d’fhéinchuidiú, de dhlúthpháirtíocht agus de chomhoibriú daonna. Ba mhian linn spásanna a chruthú ina dtig le daoine áitiúla bheith páirteach agus ag déanamh athbhreithniú ar a sláinte, a dtimpeallacht agus ar an domhan thart orainn gan trácht ar tairbhe a bhaint as cuideachta daoine eile. Is tréithe de shaol an lae inniu iad iomaíocht, indibhidiúlachas, míchothromaíocht, ábharachas agus drochmheabhairshláinte. Inár gceantar, tagann bochtanas agus imeallú ó chóras míchothrom eacnamaíochta atá ag fulaingt níos mó de bhrí na coimhlinte, agus tá deacrachtaí meabhairshláinte anois ar fud an cheantair.  Ba mhaith linne dúshlán a chur roimhe seo agus ardán sábháilte a sholáthar le go dtig le daoine ár nascanna stairiúla agus spioradálta lenár dtimpeallacht agus lenár bpobal chomh maith lenár ndaonnacht dhúchasach a chur faoi chaibidil.

Cruthaíonn croí sláintiúil, intinn shláintiúil. Scaoileann dóchas síoraí nuair a aithníonn muid ár ngníomhaireacht agus ár bpoitéinseal le rudaí a athrú chun feabhais. Creideann eagraithe na féile seo go bhfuil an chumhacht ag pobal an Uachtair Chluanaí chun saol eile a thógáil, ceann atá á thógáil againn anois.

Gach bliain i mí na Bealtaine, bíonn Páirc na Tua ar an tSliabh Dhubh ag bláthú le cloigíní gorma dúchasacha a bhíonn mar chomhartha do phobal an Uachtair Chluanaí go bhfuil an samhradh buailte linn. Tá muid ag úsáid shiombail na gcloigíní gorma le cur i gcuimhne do dhaoine áitiúla maidir le haoibhneas an tsaoil, a dtimpeallacht nadúrtha, tábhacht na sláinte agus dlúthpháirtíocht phobail!

Caithigí súil ar Chlár na Féile 2023 anseo

Back to top button