BlagFéiltíGinearáltaImeachtaí

Féile na Carraige 2022 faoi Lán Seoil

Seoladh na Féile le hArdmhéara Tina Black agus Seán Ó Coinn

Seoladh an fhéile i mbliana i nGael-Ionad Mhic Goill, Glór na Móna le sóláistí agus siamsaíocht chun an fhéile a chuir faoi lánseol le brí.  Bhí an áit dubh le daoine nuair a thosaigh Cóir Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh an siamsaíocht sular chuala muid óráidí ó Oifigeach Tionscadail Pobail Ghlór na Móna Eoghan Ó Garmaile, Ardmhéara Bhéal Feirste agus Comhairleoir Shinn Féin Christina Black, agus príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn.

Ag labhairt thar ceann choiste eagraithe na Féile agus Glór na Móna, mhaígh Eoghan Ó Garmaile:

“Tá áthas an domhain orainn a bheith ag ceiliúradh 10 mbliana d’Fhéile na Carraige.  Tá an-dul chun cinn déanta ag Glór na Móna ónár gcéad Féile in 2012 thuas i mBun an Tí gan aon fhuinneog ag barr na Carraige Báine.  Tá claochlú nach bhfacthas riamh cheana ar phobal Iarthar Bhéal Feirste le deich mbliana anuas agus bhí ról lárnach ag na gníomhaithe agus ag ceannairí óga fuinniúla ó réabhlóid phobail Ghlór na Móna sna hiarrachtaí inspioráideacha seo.  Ón chéad lá riamh, tá an mana ‘Páirteachas, Polaitíocht agus Pobal’ ag croílár Fhéile na Carraige agus tá sé mar aidhm againn spáis a chruthú ar mhaithe le machnamh criticiúil agus gníomhú phobail chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga agus gcultúr.  Fóireann an dath dearg atá fite fuaite san Fhéile i mbliana mar aitheantas speisialta ar an fheachtas spreagúil agus stairiúil faoi cheannas gluaiseacht an Dream Dearg le cúig mbliain anuas a ghríosaigh agus a chothaigh an pholaitíocht i nglúin iomlán  de dhaoine óga maidir le heagrú phobail agus feachtasaíocht ón bhun aníos agus cuireadh reachtaíocht Gaeilge i bhfeidhm don chéad uair i stair an stáit dá bharr.

‘Tá réimse leathan de chuid mhór imeachtaí sa chlár i mbliana amhail: turas reilige le Seán Fennell; seoladh agus plé ar iarphríosúnach poblachtach áitiúil agus dírbheathaisnéis nua Jake Mac Siacais; plé-phainéal iontach ar stair fhéinchabhrach Choláiste Feirste ag an am chéanna le comóradh 30 bliain na scoile; caint ar chartlann staire an athar Des Wilson; ceardlann ar logainmneacha Gaeilge agus plé-phainéal ar ghluaiseacht An Dream Dearg; scannán nua faoi stair streachailt an phobail san Uachtar Chluanaí; léacht bhliantúil Harry Holland leis an Ollamh Mike Tomlinson ar Bheartas Sóisialta in Éirinn Aontaithe amach anseo; ceardlann do pháistí i nGáirdín an Phobail agus plé-phainéal le staraithe mór le rá ar oidhreacht Chogadh Cathartha na hÉireann, 100 bliain ar aghaidh.  Cuireann muid deireadh leis an Fhéile le lón ag tacú le teifigh áitiúla agus lenár nGig na Carraige bliantúil i nGort na Móna CLG a thabharfaidh ardán do cheoltóirí iontacha áitiúla ar nós Brendan ‘Nipper’ Quinn, na píobairí aitheanta John McSherry agus Francis McDermott, an banna ceoil tíre áitiúil, na Hot Whiskeys agus Niamh Nic Ionnrachtaigh agus a cairde.”

Ag labhairt ar son Foras na Gaeilge, dúirt Seán Ó Coinn:

‘Is minic gur freasúra, naimhdeas, agus dúshlán a spreagann pobal le seilbh a ghlacadh ar a gcinniúint féin, agus b’éigean do phobal na Móna cur suas le mórán de sin san am a chuaigh thart, agus le gairid féin.

‘Ceanglaíonn an fhéile seo – Féile na Carraige, an chuid is fearr den Pháirteachtas, den Pholaítíocht agus den Phobal le chéile – agus níl aon phobal is fearr a nascann riachtanais a bpobail le forbairt na Gaeilge ná an pobal seo.

‘Tá Glór na Móna ar na pobail Ghaeilge is bisiúla sa tír, agus tá an fhéile seo bunaithe ar an bheocht sin. Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge tacú le hócáid den chineál seo agus le pobal den chineál seo, mar cheann de na heiseamláirí is fearr sa tír de phobal nua teanga.

Rinne an t-Ardmhéara Christina Black macalla ar an mholadh seo nuair a mhaígh sí:

Is eagraíocht í Glór na Móna a bhfuil ard-mheas agam uirthi mar sholáthraí diongbháilte don phobal Gaeilge atá lonnaithe san Uachtar Chluanaí. Ba mhó an t-éacht ar baineadh amach siar i 2004 [bunadh na heagraíochta] agus na héachtaí eile ar baineadh amach ó shin mar thoradh na dúthrachta is díograise na heagraíochta seo.

Is suntasach bhur léiriú den tiomantas, clisteacht, is dúthracht trí bhunadh na heagraíochta, trí bhur gcláir éagsúla agus bhur n-áiseanna. D’fhás an eagraíocht ó 2009 chun freastal ar riachtanais an phobail thart orthu a d’fhorbair an t-éileamh ar obair óige trí mheán na Gaeilge. B’éacht ceannródaíoch é seo arís a bhfuil ballraíocht na céadta páistí agus soláthar cúig oíche sa tseachtain mar thoradh air. Is féidir le páistí teacht air réimse leathan de chláir le freastal ar a gcuid riachtanais.

Tuigim go bhfuil clár fhéile na bliana seo iomlán pacáilte le himeachtaí; turais stairiúla, léachtaí is cainteanna, léiriú scannáin, turais reilige agus tuilleadh eile. Páirteachas, polaitíocht, pobal, agus fáiltiú roimh chách.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine óga as timpeallacht spleodrach a chruthú anseo, as do ghníomhaíochas agus as bhur nguthanna nár chaill sibh riamh.  Tá na háiseanna anseo ar fheabhas, ach léiríonn an mhéid a úsáidtear iad agus an freastal achan oíche go bhfuil fás de dhíth gan amhras.  Tá éileamh soiléir ann d’áis eiseamláireach trí mheán na Gaeilge mar a léirigh an eagraíocht sa suirbhé cuimsitheach agus comhairliúchán leanúnach.  Tá an áit lonnaithe soiléir agus tacaíonn 98 faoin chéad leis an togra.  Is mithid go n-éisteann gníomhaireachtaí tacaíochta leis na guthanna seo.  Tá Glór na Móna fós ag éagsúlú, ag cruthú naisc fud fad ár gcathair álainn, ar thús cadhnaíochta ag tiomáint clár chearta chun tosaigh.  Go raibh maith agat as seo.

D’aithin mé go raibh Dáithí Mac Gabhann le feiceáil in bhur gclár.  B’aoibhinn liom ag bualadh leis an fhear é féin.  Tá muid díreach i ndiaidh cuimhneachán báis a sheanmháthair ionúin Frances a dhéanamh.  Caithfidh go raibh an-bród ar Frances as a teaghlach níos leithne, an dul chun cinn déanta maidir le feasacht ar dheonú orgáin agus athrú reachtaíochta dá bharr.  Mar sin de, gabhaim buíochas le Máirtín, Steph agus ar ndóigh Dáithí, gan dearmad a dhéanamh ar a shiblín galánta.  Sheas rud amháin dom nuair a chas mé orthu, misneach umhal.  Clann álainn, díograiseach, cróga.  Cosúil le clann Ghlór na Móna.  Lán le misneach agus díograis.  Le bhur dtoil, bíodh féile den scoth agaibh agus go raibh míle maith agaibh as gach rud ar bhain agus a bhainfidh sibh amach.”

 

Mar chonclúid, rinne Eoghan Ó Garmaile achoimre ar na himeachtaí:

“Tá féile na bliana seo á heagrú ag am nuair atá dóchas mór ann chomh maith le heagla agus le himní nach beag.  Tá móiminteam scaipthe do dhíospóireacht bhunreachtúil agus d’athrú in Éirinn comhthreomhar le costas géarchéime maireachtála beartaithe ag scothaicmí na dtóraithe a dhéanann ‘dúnmhárú sóisialta’ chun brábúis a gcomhpháirtithe corparáideacha a ardú.

Is imeacht cuí é, mar sin de, cur i láthair Springhill House ar chartlann an tAthair Des Wilson óir spreagann focail Des ó Fhéile an Uachtar Chluanaí in 1973 go fóill inniu:

‘‘Caithfear daoine obair le chéile ar son agus ar mhaithe leis an phobail – is dua dlúthpháirtíochta í an fhéile … iad siúd a thagann le chéile le linn na féile, fanann siad le chéile do go leor eile.”

Féach an físeán iomlán den seoladh:

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button