GinearáltaImeachtaíOideachasÓige

Cuireann an tÚdarás Oideachais lárionad mhalartach ar fáil do Chumann Óige an Ghleanna

Cumann Óige le hathoscailt

Cuireadh lárionad mhalartach ar fáil aréir don chumann óige lánghaeilge in Leana an Dúin, Cumann Óige an Ghleanna ag cruinniú a thit amach idir an tÚdarás Oideachais agus ionadaithe de chuid an chumainn agus an fheisire Pairlaiminte áitiúil Paul Maskey. D’aontaigh an UO trí oíche de láthair shealadach a chur ar fáil do Chumann Óige an Ghleanna in Ionad Óige Naomh Míchéal agus tá siad ag déanamh measanú ar an damaiste d’Ionad Óige Carraig Art leis an sprioc acu é a ath-oscailt amach anseo.

Ag labhairt do areir, dúirt Ceannaire Óige I gCumann Óige an Ghleanna, Gerard McGuinness:
‘Tá faoiseamh agus áthas orainn go mbeidh muid abalta an cumann óige s’againn a hathoscailt ón luan seo chugainn. D’ofráil an tUO, oíche luain, oíche dhéardaoin agus oíche dhomhnaigh dúinn in Ionad Óige Naomh Míchéal ag barr bhóthar Fionnachaidh. Is é an sprioc atá againn ná pilleadh chuig Ionad Óige s’againn ag Carraig Art sa mhéan go fad-tréimhse ach ba thábhachtaí go mbeidh an seirbhís óige seo ar ais ag daoine óga s’againn ón seachtain seo chugainn ar aghaidh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár ndaoine óga agus gach duine sa phobal a thacaigh linn san am deacair seo.

Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir ar an Eagraíocht Óige Gaeilge i mBéal Feirste, Glór na Móna, a thacaíonn le Cumann Óige an Ghleanna:

‘Tá muid buíoch don UO as plé linn ar bhonn cuidiúil agus oibriú go déarfach I dtreo socrú sciobtha don sáinn ina raibh muid. Ag an chruinniú aréir, cuireadh ionad mhalartach ar fáil dúinn a chiallaíonn go mbeidh muid abálta seirbhís s’againn a chur ar fáil arís ón seachtain seo chugainn ar aghaidh. Chuir muid ina luí ar an UO gur mian le daoine óga s’againn pilleadh ar leagan cóirithe d’Ionad Óige Carraigart a luaithe agus gur féidir. Dhearbhaigh siad gur seo an sprioc atá acu ina dhiadh dóibh measanú a dhéanamh ar an damáiste don ionad ach ní raibh siad abálta aon chinnteacht a thabhairt dúinn maidir leis seo.

‘Lean muid ar aghaidh le comhrá iontach déarfach fá todchaí na hoibre óige Gaelaí agus d’aontaigh an UO bheith ag obair in éineacht linn ar bhonn cruthaitheach I dtreo lársruthú fadtéarmach do sheirbhísí óige trí ghaeilge a chinntíonn achmhainní stráitéiseach agus fad-téarmach don earnáil. Cinnteoidh seo go bhfuil stádas buan ag an obair óige trí Ghaeilge a chomlíonann dualgas reachtúil na Roinne Óideachais, mar atá dlíte I gComhaontú Aoine an Chéasta 1998, agus curtha I gcrích fríd moladh 18 don athbhreithniú ar an Ghaeloideachas 2009 a thug committmintí sháiniúla don obair óige trí ghaeilge.
‘Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le pobal Iarthar Bhéal Feirste a thacaigh linn le laethanta beaga anuas agus na heagraíochtaí pobail sin a d’ofráil ionaid shealadach dúinn. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Paul Maskey BP don tacaíocht réghníomhach s’aige.
‘Beidh muid ag leanúint leis an chruinniú poiblí anocht I mBunscoil Phobal Feirste ag 7.30pm chun tuismitheoirí agus daoine óga a chur ar an eolas fá shonraí na socruithe úra agus lena chois sin, le pleanáil do thodchaí fad-téarmach Cumann Óige an Ghleanna le cinntiú go bpillimid chuig Ionad Óige Carraig Art go luath. Fáilte roimh chách.

Déan teagmháil le Feargal Mac Ionnrachtaigh ar 07841101630 nó feargal@glornamona.com le haghaigh tuilleadh eolais.
Is cumann óige lángaeilge é Cumann Óige an Ghleanna atá lonnaithe I gceantar an Leana an Dúin in Iarthar Bhéal Feirste. https://www.facebook.com/cumannoigeanghleanna/

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button