FéiltíGinearálta

Seán Ó Coinn – Seoladh Fhéile na Carraige

Tá traidisiún an-láidir sa cheantar seo den fhéinchuidiú, den obair i gcomhar, de chomhar na gcomharsan – ar ndóigh tá an oidhreacht sin i measc an phobail ag dul siar go dtí seascaidí agus seachtóidí na haoise seo caite.

A Chairde,

I dtús báire aithním go mbeidh smaointí agus trua an phobail láidir áitiúil seo le pobal an Chraoslaigh agus iad ag fuilstin faoi na néalta dorcha bróin atá os a gcionn faoi láthair, agus tá mé cinnte go mbeidh gach duine anseo taobh liom agus muid ag cur ár gcomhbhróin in iúl don phobal chráite sin.

Tá traidisiún an-láidir sa cheantar seo den fhéinchuidiú, den obair i gcomhar, de chomhar na gcomharsan – ar ndóigh tá an oidhreacht sin i measc an phobail ag dul siar go dtí seascaidí agus seachtóidí na haoise seo caite.

Má tá sin i measc an phobail leathain, is amhlaidh atá sé níos láidre arís i measc phobal na Gaeilge.

Téama na féile seo Páirteachtas, Polaitíocht agus Pobal, agus is minic gurb í teip na polaitíochta, nó teip na struchtúr polaitíochta atá in ainm a bheith ann le tacú pobal – is minic nuair a bhíonn an pholaitíocht éighníomhach nó namhadach féin – gur ansin is láidre pobal agus páirteachas.

Beidh an fhéile seo ag déanamh scrúdú ar na mórcheisteanna seo faoi bhrat na Gaeilge.

Sa phobal seo thar phobal ar bith eile sa tír, dá bhfuil a fhios agamsa cibé, tá gluaiseacht forbartha na Gaeilge sáite – bunaithe féadaim a rá, ar chomhar na gcomharsan, ar sheirbhís don phobal, ar leas an phobail agus ar pháirteachas an phobail sa ghníomhaíocht teanga.

Ar ndóigh is as gníomhaíocht bunaithe ar pháirteachas sa pobal in aghaidh dhul na polaitíochta, is as gníomhaíocht mar sin a tháinig na forbairtí is suntasaí i bhforbairt na Gaeilge le leathchead bliain – go háirithe i gCathair Bhéal Feirste, ach taobh amuigh de Bhéal Feirste fosta, faoi thionchar ghluaiseacht na Cathrach.

Is é an meon sin a bhunaigh pobal Gaeltachta Bhóthar Seoighe, gluaiseacht na Gaelscolaíochta, bunú Choláiste Feirste, bunú Ghaeltacht Charn Tóchair agus bunú Ghaelcholáiste Dhoire.

An meon céanna sin a ba chúis le bunú Laochra Loch Lao – agus mé á rá sin, ba mhaith liom a mbua stairiúil a mhairstin do Ghearóidín Nic Cathmhaoil agus dá comhimreoirí le gairid leis na Laochra.

An meon céanna sin ba chúis leis an ionad álainn seo ina bhfuilimid anois.

Is minic gur freasúra, naimhdeas, agus dúshlán a spreagann pobal le seilbh a ghlacadh ar a gcinniúint féin, agus b’éigean do phobal na Móna cur suas le mórán de sin san am a chuaigh thart, agus le gairid féin.

Ar ndóigh ábhar machnaimh dúinn uilig cén bealach is fearr leis an spreagadh sin a úsáid le leas an phobail, agus cad é mar is féidir an spreagadh sin a choinneáil nuair a laghdaíonn ar an fhreasúra, agus nuair a thosaíonn na struchtúir pholaitiúla a thacú le pobal.

Ceanglaíonn an fhéile seo – Féile na Carraige, an chuid is fearr den Pháirteachtas, den Pholaítíocht agus den Phobal le chéile – agus níl aon phobal is fearr a nascann riachtanais a bpobail le forbairt na Gaeilge ná an pobal seo.

Tá Glór na Móna ar na pobail Ghaeilge is bisiúla sa tír, agus tá an fhéile seo bunaithe ar an bheocht sin. Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge tacú le hócáid den chineál seo agus le pobal den chineál seo, mar cheann de na heiseamláirí is fearr sa tír de phobal nua teanga.

A bhuí leis an fhís, leis an dílseacht, agus a bhuí leis an cheannaireacht atá léirithe ag cinnirí an cheantair:

Macasamhail Ghearóidín Nic Cathmhaoil; Fheargail Mhic Ionrachtaigh agus Chonchúr Mhic Shiacais, agus cinnirí eile nach iad, cinnirí nár casadh ormsa go fóill, atá ag tógáil ar an oidhreacht atá fágtha acu ag Séamus Mac Seáin, Seán Mac Goill agus Séamus de Napier.

Tá clár spreagúil leagtha amach don tseachtain, agus thar cheann Fhoras na Gaeilge, ba mhaith liom gach rath a ghuí oraibh.

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button