FéiltíGinearáltaImeachtaí

Féile na Carraige seolta ag Gerry Adams

Tá atmaisféar na féile san aer san Uachtar Chluanaí le Féile na Carraige atá á reáchtáil ag Glór na Móna i mbliana. Rinneadh seoladh ar an fhéile seachtaine inniu (An Luan 01 Deireadh Fómhair) i nGael-Ionad Mhic Goill agus tá clár iomlán plódaithe le himeachtaí don uile dhuine ar fáil. Tá an clár seo á sholáthar ón eagraíocht Ghaeilge ar bronnadh Gradam na hAislinge orthu anuraidh mar aon le Duais Ghlór nan Gael 2017, a chuir síos ar Ghlór na Móna mar an eagraíocht is rathúla Gaeilge don bhliain sin. Tá Páirteachas, Polaitíocht agus Pobal fite fuaite san fhéile chomh maith leis an obair reatha atá faoi lán seoil ag Glór na Móna agus cuireann Brónagh Fusco, co-ordaitheoir na Féile síos air:

“Tá sé de rún ag Féile na Carraige agus na himeachtaí sa chlár spásanna a chruthú do dhaoine áitiúla; a spreagfaidh iad le dul i mbun gnímh don phobal agus d’oideachas pobail chomh maith le smaoineamh a dhéanamh faoina n-áit féin ar an domhan seo agus cumhacht a ghlacadh ar a gcinniúint féin. Tá seo le sonrú ar fud an chláir, a dhéanann ceiliúradh ar na gluaiseachtaí is misniúla agus fórasacha a bhí ann ar mhaithe le domhan níos fearr a fhorbairt.

Déanann muid ómós speisialta do Ghluaiseacht na gCeart Sibhilita sna 1960í le léacht bhliantúil Harry Holland. Sa léacht sin, amharcfaidh muid ar an 50 bliain a d’imigh agus an ghlúin a sheas an fód i gcoinne an stáit oráistigh, an comóradh 30 bliain ar Fhéile an Phobail agus na gníomhaithe áitiúla ón Uachtar Chluanaí a d’imir ról lárnach a chuaigh in aghaidh na mbarúlacha míofara a bhí ag stát na Sasanach nuair a cuireadh síos orthu mar phobal ‘barbarach sceimhlitheoireachta’. Chomh maith leis sin, ba mhaith linn, aitheantas ar leith a thabhairt do na ceannraódaithe pobail a bhunaigh Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, gaelscoil Bhaile Uí Mhurchú 25 bliain ó shin.’

Beidh ár gcumann óige i gcroílár na féile chomh maith, mar aon le cumainn óige eile nuair a dhéanfar plé ar aontacht na hÉireann chomh maith le reifreann. Éistfidh na daoine óga seo le réimse leathan de cheannairí ó pheirspictíochtaí difiúla faoi thodhchaí ár ndaoine agus breatimeacht. I measc na n-imeachtaí eile, beidh plé ar ról na mban, cogadh na saoirse, pleanáil teanga, seanfhéile Chnoc na Foinse agus seoladh an leabhair – Féile Voices @ 30.”

Cé go mbeidh díospóireachtaí polaitíochta ar fud an chláir, beidh siamsaíocht i gcónaí mar chuid den féile iontach seo agus beidh scoth an cheoil, na filíochta agus an spóirt ann i rith na seachtaine. Mar a dúirt Fusco:

‘Tá muid ar bís go dtig linn imeachtaí teaghlaigh agus ceardlanna spóirt do dhaoine óga a dhéanamh i gclár fairsing a dhéanann freastal ar an uile dhuine, idir óg agus aosta. Beidh ‘A Station Once Again’ á thaispeáint againn sa cheantar (Cumann Ghort na Móna) den chéad uair, agus is drama thar a bheith greannmhar é, le Tony Devlin, a chuireann síos ar stair Fhéile an Phobail. Titfidh an drama iontach seo amach Aoine na Féile, agus cuirfidh sin tús le scoth na siamsaíochta don deireadh seachtaine sin; mar beidh Kíla linn Dé Sathairn i gCumann Uí Dhomhnaill ar Bhóthar na Carraige Báine. Chan amháin sin, ach beidh Barry agus Laura Kerr ag seoladh a n-albaim úir, Castar Bay chomh maith. Is féidir ticéidí a fháil ar eventbrite: http://kila.eventbrite.com. Tá súil againn go mbeidh sibh linn don tseachtain ar dóigh seo.”

Clár iomlán na Féile: https://www.glornamona.com/ginearalta/ta-chlar-fheile-na-carraige-2018-beo/

 

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button