
Mar chuid de thionscadal oidhreachta Ghlór na Móna, ‘Faoi Scáth an tSléibhe – Ag nascadh idir dhaoine agus cheantar san Uachtar Chluanaí’, bhí an cheardlann den scoth faoin spéir le Mal McCann, grianghrafadóir iomráiteach a bhfuil cuid mhór duaiseanna bainte aige.