Gael-Ionad Mhic Goill

I ndiaidh ceithre bliana de dhianobair, de phleanáil agus de dhúshlán, osclaíodh doirse Ghael-Ionad Mhic Goill go hoifigiúil ag seoladh plódaithe Dé Máirt 13 Meán Fómhair 2016 i gceantar an Uachtair Chluanaí.

Maoiníodh an fhorbairt cheannródaíoch chaipitil £400,000 ag an Roinn don Phobal (£160,000); ag Ciste Infheistíochta Gaeilge (£137,000), ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste (112,000) trína scéim mhaoinithe áitiúil. Tá clú áitiúil agus náisiúnta ar Ghlór na Móna mar eiseamláir san obair óige agus phobail trí mheán na Gaeilge. D’ainmnigh Seirbhísí Pobail Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, Glór na Móna, le bheith mar ionadaí ar Bhéal Feirste do chomórtas náisiúnta, IPB Pride of Place.

Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é an t-ionad úr seo, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair cheannródaíoch phobail agus óige trí mheán na Gaeilge ón bhun aníos i rith na mblianta sin.

Tá an ghlúin seo de ghníomhaithe phobal na Gaeilge faoi thionchar na nGael a phlandáil síolta na hathbheochana comhaimseartha le réabhlóid Ghaeltacht Bhóthar Seoighe. Spreag siad tuismitheoirí áitiúla chun gnímh agus bunaíodh dhá Ghaelscoil, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Gaelscoil na Móna mar thoradh air sin agus cuireann na scoileanna sin na sluaite Gael fríd an Ghaelscolaíocht agus atá anois ag tiomáint fhorbairt Ghlór na Móna

Sa bhreis air sin, pribhléid mhór a bhí ann dúinn an Gael-Ionad a ainmníodh in ómós de Sheán Mac Goill, gníomhaí teanga ón Charraig Bhán a rinne obair dhícheallach san Uachtar Cluanaí sna 1960í agus 1970í, ó thaobh forbairt agus athghiniúint phobail de. Tugann Gael-Ionad Mhic Goill an deis dúinn an fhorbairt sin a chothú agus a fheabhsú amach anseo le tionscadail agus le seirbhísí pobail a chur ar fáil a chruthóidh an Ghaelsaolaíocht sa cheantar agus leis an chéad ghlúin eile a chumhachtú le húinéireacht a ghlacadh ar athghabháil na teanga.  

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button