GeneralSportYouth

TÁ FÉILE GAEILGE LE BRÓD AR AIS ARÍS!

[tab:Gaeilge]

Tá Féile Gaeilge Le Bród ar ais arís le gach cineal imeacht cultúrtha ar fail.

Beidh an fhéile ag tarlú idir Luan 8 agus Dé Domhnaigh 14 Samhain in Uachtar Chluanaí, iarthar Bhéal Feirste.

Agus an rud is fearr – tá gach rud saor in aisce!

Chruthaigh an grúpa cultúrtha Glór na Móna an fhéile i 2005 mar cuid den athbheochan atá ag dul chun cinn i gceantar Uachtar Chluanaí.

Is eagraíocht í  a chreideann go mór i bpáirtíocht le grúpa éagsúla sa cheantar chun úinéireacht na Gaeilge a leathnú amach comh fada agus is féidir.

Oibríonn Glór na Móna ar dhá leibhéal, ag cur na Gaeilge chun cinn fríd imeachtaí cultúrtha agus ag forbairt seirbhisí don phobal Gaeilge agus is í an fhéile an ócáid is mó i bhféilire Glór na Móna.

Ag toiseacht le ceol maidne agus ag criochniú le Comórtas CLG an Iarthair, tá clár iomlan curtha le chéile!

Beidh BRÉAG ar an ardan i gClubtheach Naomh Eoin ar Dé hAoine 12 Samhain agus iad ag ceol ‘Babylon Gaeilgeoir’, ‘Lá Jah’, agus roinnt amhráin eile.

‘Fís na Poblachta Nua – Cén chuma a bheadh uirthi is cén bhealach chun cinn?’ an teideal atá ar an léacht bhliaintiúil in ómós do Harry Holland le Feilim Ó hAdhmaill ag labhairt ar an oíche, Déardaoin 11 Samhain, 8.30i.n, i gClubtheach Gort na Móna.

Go direach i ndiaidh an léacht, beidh an t-amhranaí clúiteach Seoirse Ó Dochartaigh ag canadh. Is as Béal Feirste Seoirse ó dhúchas ach tá sé lonnaithe i nDún na nGall sna laethanta seo.

Is ealaíontóir den chead scoth é fosta agus beidh taispeantás Seoirse, darbh ainm An Saol Rúnda, le feiceáil i gColáiste Feirste, Bóthar na bhFál, idir Dé Luain 8 – Dé hAoine 12 Samhain.

Beidh Lá Teaghlaigh ag dul ar aghaidh ar Dé Sathairn 13 Samhain le dhá cheardlann don teaghlach uilig i nGaelscoil na Móna le Seoirse Ó Dochartaigh.

Ceardlann Peintéireacht ar dtús idir 10 – 11 r.n agus ansin, Ceardlann Amhránaiocht idir 12-1.30i.n ach tá na spásanna teoranta do na himeachtaí seo, dean teagmháil le eolas@glornamona.com

Bhí gach rath ag Paddy Cunningham, captaen Aontroma, nuair a ghlac sé an an Cheardlann Spórt anuraidh agus mar sin de, beidh sé ar ais arís i mbliana!

Dírithe ag paistí gaelscoileanna, beidh an cheardlann ag dul ar aghaidh i mBunscoil an tSleibhe Dhúibh ar an Chéadaoin 13 Samhain, 3.30i.n, agus maireann sé 90 bomaite.

Ní stopann na himeachtaí sport ansin! Ar an Domhnach, 14 Samhain, beidh Comórtas CLG an Iarthair ag tarlú don chéad uair. Is comórtas nua é a bhunaigh an choiste Ghlór na Móna go speisialta do na Gaeil óga sa cheantar.

Comórtas Peil Gaelaigh faoi 10 atá i gceist agus beidh sé ag tarlú i bPairc Mhic Ionnrachtaigh (Pairc Gort na Móna) ar a 12-2i.n. Ag imirt ar an lá, imreoirí óga ó chlubanna in Iarthar Bhéal Feirste. Bí linn agus tacaigh leis an phobal!

Do na seandaoine, lón agus ceol! Beidh amhránaí den chead scoth, Róise Nic Corraidh agus a hathair Sean, ag seinm ar an lá. Beidh Imeacht na bPinsinéirí ag tarlú ar an Chéadaoin 10 Samhain idir 1-3i.n sa teach tabhairne The Sliabh Dubh Bar (Sloans), Bóthar na Carraige Báine.

Ag caint faoin na himeachtaí, dúirt Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha Ghlór na Móna, go bhfuil Féile Gaeilge Le Bród ag dul ó neart go neart.

“Tá rud eigin ann do gach duine. Is ceantar í an Uachtar Chluanaí atá bródúil as a hoidhreacht agus tá go leor again le bheith bróduil as.

“Is deis í Féile Gaeilge Le Bród chun raic a thógáil fan phobal glórmhar Gaelach atá againn sa cheantar seo.

“Don chead uair, tá an chlár ar fail ar líne agus tá gach eolas a bhaineann le Féile Gaeilge Le Bród le fail ar www.glornamona.com

“Táimid uilig pairteach inti – tá fáilte roimh chach!”

[tab:English]

Féile Gaeilge le Bród is back again for another year to showcase the best in Irish language, culture and sport in Upper Springfield. And better still – there’s free entry to every event!

This year’s festival will be taking place between Monday 8 and Sunday 14 November.

Organised by Glór na Móna, the Irish language and cultural development group in the area, this year’s féile has been put together with the specific needs of the community in mind. There’s something for everyone – young, old, athletic and artistic.

Included in the programme of events is a much anticipated performance from Irish language reggae band BRÉAG who have shared the stage with many a singing sensation over the years including Shane MaGowan, The Wailers and Kíla.

BRÉAG were originally formed in the early Nineties to raise desperately needed funds for bunscoileanna in Belfast. Since then, their unique style of Celtic/Reggae/Ska has taken them all over the world performing their well-known songs such as ‘Babylon Gaeilgeoir’, ‘Lá Jah’ and ‘An Bóthar Mór’ in countries as far away as Sri Lanka.

The band’s Féile Gaeilge le Bród concert will take place on Friday 12 November at St.John’s GAA Clubhouse. Doors open at 9pm with BRÉAG’s support act being supplied by talented teenagers from Coláiste Feirste’s newly formed An Cumann Gaelach.

The annual Harry Holland lecture, in memory of the much-loved west Belfast greengrocer murdered in 2007, will be given by the lecturer Féilim Ó hAdhmaill. The former IRA prisoner spent his formative years in west Belfast but now resides in Cork where he is a faculty member of the Applied Social Studies department at University College Cork.

This year’s lecture title is ‘Fís na Poblachta Nua – Cén chuma a bheadh uirthi is cén bhealach chun cinn?’ which translates to ‘Vision for the new Republic –what would it look like and what is the way forward?’

The lecture will be in English with a little Irish throughout and will take place on Thursday 11 November at 8pm in Gort na Móna’s Clubhouse. The lecture topic is sure to attract a large audience, therefore, early arrival is advised to ensure a seat.

Following the lecture is a night of music with renowned singer/songwriter Seoirse Ó Dochartaigh. A Belfast native, Seoirse now resides in Donegal where Gaeltacht life has a strong influence on his work. Not only is Seoirse a well know singer, he creativity also extends itself to poetry writing and painting.

As part of Féile Gaeilge le Bród 2010, Seoirse will showcase his latest art collection entitled ‘An Saol Rúnda’. This will be on display from Monday 8 to Friday 12 November at Coláiste Feirste for all to see.

Two workshops organised for the family will take place on Saturday 13 in Gaelscoil na Móna facilitated by Seoirse. A painting workshop will take place from 10-11am followed by a singing workshop  from 12pm to 1.30pm.

Parents, guardians or grandparents are invited to take the kids along and enjoy the expertise of Seoirse. Booking is essential as spaces are limited. Email eolas@glornamona.com to book your family’s place.

One of the most popular events of last year’s Féile was the GAA skills workshop with Antrim Gaelic football star Paddy Cunningham. An event for Irish speaking children of primary school age, Paddy will be putting the next generation of All-Stars through their paces. This event takes place at 3.30pm on Wednesday 10 November at Bunscoil an tSléibhe Dhuibh and lasts 90 minutes.

Fionnuala Nic Thom, Glór na Móna’s Development Officer, said: “The Upper Springfield area has a lot to offer everyone and we’re very proud to present to the wider public our programme of events for Féile Gaeilge le Bród 2010.

“From an Irish language film night to a Celtic Art workshop for the Disabled, every section of the community is catered for and we hope to see you all during our week long celebrations.

“We’ve created a 16 page programme which is available online from our website  www.glornamona.com and also a printed version which we are leaving in all the local shops.

“And as always, tá fáilte roimh chach. Everbody’s welcome!”

[tab:END]
Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button