EventsFestivalsGeneralYouth

Seachtain na Gaeilge 2013

download[tab:Gaeilge]

Tá Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 120 bliain ar an fhód i mbliana, bunaíodh an Chonradh le hathbehochan na Gaeilge a chur chun cinn agus beidh Gaeilgeoirí agus díogaiseoirí teanga thart an domhain ag ceiliúradh Bliain na Gaeilge, Glór na Móna sa áireamh.

D’eagraigh Glór na Móna eimse imeachtaí le linn Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta na Gaeilge a ritheann ón 4ú-17ú de mí Márta. Ó thaobh na himeachtaí de, bhí léacht againn le Jake Jackson ar Athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste, thug Plúra Lúra agus na Bopóga cuairt ar na Gaeil bheaga agus bhí ciorcal scéalaíochta idirghníomhach againn a bhuí le Seán agus Máire MhicSheáin i gCumann Óige Uachtar Chluanaí. Sheol muid leagan dátheangach den Chód Sabhála le Naomh Aodán agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus an t-Aire Timpeallachta i gcomhar leis an Aisionad Uachtar Chluanaí.

Tháinig céad Gael óga anuas ar Cholaiste Feirste le céiliúradh a dhéanamh ar Seachtain na Gaeilge, aagus ba buaicphointe é seo. D’eagraigh Glór na Móna tráth na gCeist idir na gaelscoileannna áitiúla Gaelscoil na bhFál, Gaelscoil na Móna, Gaelscoil an Lonnáin agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus bhí an iomaíocht fiachmhar. Bhí gach scoil ag iarraidh corn Ghlóir an Mhóin  a thabhairt na bhaile, ach ní feidir ach buaiteoir amháin a bheith ann. D’éirigh go geal le gach foireann ach ba iad Gaelscoil na bhFál agus Gaelcoil na Móna a bhain an cluiche cheannais amach agus sa deireadh, bhí an lamh in uachtar ag Gaelscoil na Móna.

Bhí ardmoladh ag Oifigeach Forbartha Glór na Móna Brónagh Fusco do ghach duine a bhí pairteach san imeacht, “maith iad na scoileanna agus daltaí scoile uile a ghlac pairte agus maith iad Cumann Gaelach Colaiste Feirste as a dtacú ar an lá agus as fáiltiú s’acu i leith na Gaeilgeoirí óga ó na gaelscoileanna. Maith sibh.”

I dtaca le himeachtaí Seachtain na Gaeilge, dúirt caothaoirleach Glór na Móna Feargal MacIonnrachtaigh, “tá sé ar fheabhas daoine óga a fheiceáil ag dul i ngleic agus ag baint sult as a gcultúr agus ag úsáid a dteanga dúcháis le linn an phróisis, is dea-chomhartha é seo go bhfuil athbheochan na Gaeilge ag blathú sa ghlúin óige.”

[tab:English]

This year marks 120 years since the founding of the Gaelic League, set up to revive the Irish language and this year Irish speakers and language downloadenthusiasts all over the world are celebrating Bliain na Gaeilge (Year of the Irish language) including Glór na Móna.

Glór na Móna arranged a range of events to celebrate Seachtain na Gaeilge, an international Irish language festival runs from the 4th-17th of March. These events included a lecture with Jake Jackson on the Revival of the Irish language in Belfast,  a visit from Plúra Lúra agus na Bopóga for tiny Gaels and an interactive story circle with Seán MacSeáin agus Máire MhicSeáin in Cumann Óige Uachtar Chluanaí. We also launched the bilingual version of the Green Cross code with St Aidan’s Christian Brothers Primary School and Bunscoil an tSleibhe Dhuibh in partnership with the Upper Springfield Resource Centre with the Environment Minister.

One hundred young Gaels descended on Coláiste Feirste to celebrate Seachtain na Gaeilge which was a highlight. Glór na Móna organised a quiz between the local Gaelscoils, Gaelscoil na bhFál, Gaelscoil na Móna, Gaelscoil an Lonnáin and Bunscoil an tSléibhe Dhuibh were all in attendance and the competition was fierce. Every school wanted to lift the Glór na Móna cup and bring it back to their school but there could only be one winner! All the teams were great but it was Gaelscoil na bhFál and Gaelscoil na Móna who reached the final and in the end, Gaelscoil na Móna were victorious.

Glór na Móna’s Development Officer Brónagh Fusco commended all who participated, “well done to all the schools and the children and well done to Cumann Gaelach Coláiste Feirste who were a fantastic support on the day welcoming all the young Gaeilgeoirs to the event. Maith sibh.”

Feargal MacIonnrachtaigh , Glór na Móna’s chairperson said of Seachtain na Gaeilge’s events, “It is great to see young people embracing and enjoying their culture, and using their native tongue in the process is a promising sign that the revival of the Irish language is flourishing in the younger generation.”

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button