FíseáinGinearálta

Buaicphointí 2023

Ba mhaith le pobal Ghlór na Móna buíochas ó chroí a ghabháil le foireann, bord, tuismitheoirí, foghlaimeoirí, díograiseoirí, tacadóirí agus maoinitheoirí flaithiúla s’againn a chuidigh linn bliain speisialta agus spreagúil d’imeachtaí a eagrú agus a roinnt le pobal athléimneach s’againn. Seo chugaibh roinnt buaicphointí na bliana…
Seoladh tuairisce ar obair óige Ghaeilge

Sheol muid an tuairisc seo i gcomhair le hOllscoil Ulaidh i mí Eanáir!

Féach anseo

Seachtain na Gaeilge

Bhí Seachtain na Gaeilge lán le himeachtaí spreagúla againn i mí an Mhárta!

Féach anseo

 

Glórtha Ciotacha


D’athsheol muid podchraoladh dátheangach s’againn ‘Glórtha Ciotacha: Ag Samhlú Domhan Úr’ i Márta

Éistigí anseo

Comhdháil Idirnáisiúnta ar Dhíchoilíniú

Thug níos mó ná 40 duine cur i láthair agus d’fhreastail 100+ ar an chomhdháil ‘Díchoilíniú: Teanga, Cultúr agus Pobal’ ar an 5ú Bealtaine

Féach anseo

Scéal NVTV | Scéal Meon Eile

Féile na gCloigíní Gorma

8 lá, 50 imeacht agus 3000 rannpháirtí sa bhliain is mó den Fhéile go dtí seo i mí na Bealtaine!

Féach anseo

Molscéal

Féile an Phobail le Glór na Móna

Bhí cainteanna spreagúla againn i nGael-Ionad Mhic Goill mar chuid d’Fhéile an Phobail i mí Lúnasa

Féach anseo

Fógra Nua Cumann Óige Uachtar Chluanaí

Chuir an Cumann Óige fógra iontach le chéile ‘Ó Bhéal na nDaoine Óga’

Féach anseo

Scéimeanna Samhraidh

Bhí samhradh den scoth againn le daoine óga Sólás na nÓg agus Cumann Óige Uachtar Chluanaí!

Seoladh Taighde Sólás na nÓg

Seoladh an Tuairisc Taighde Meastóireachta ar Shólás na nÓg in Ard Mhacha mar chuid de Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta

Féach anseo

Scéal Meon Eile

Féile na Carraige

Bliain rathúil eile den Fhéile le breis is 20 imeacht agus 2000 rannpháirtí i nDeireadh Fómhair!

Féach anseo

Molscéal

Féile na nEolaíochtaí Sóisialta

Bhí lúcháir an domhain orainn mic agus iníonacha léinn OnaB a óstáil i Samhain mar chuid den Fhéile arís i mbliana.

Féach anseo

Dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín

I mbliana, d’eagraigh muid cruinnithe, agóidí agus seisiún poiblí maidir le slad Iosrael ar an Phalaistín.

Stailc ar son na Palaistíne

Léirsiú na Palaistíne

Maidin Chaife

Fleadh Feirste

I mí na Nollag, d’eagraigh muid imeachtaí mar chuid d’Fhéile an Cheathrú Ghaeltachta

Guthanna na Coimhlinte: Poetry Readings From the Conflict

Achoimre Fleadh Feirste

Sábháil na Dátaí

Fillfidh Scoil Gheimhridh Uí Chadhain ar 25-27ú Eanáir! Beidh Clare Daly, Mansoor Adayfi, Bríd Smith, Chris Hazzard agus Oíche Phalaistíne againn ar an Satharn 27ú Eanáir – bígí linn!

Scoil Gheimhridh 2022

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button