Daonlathachas RannpháirtíochImeachtaíLéachtaí PobailOideachas

Comhdháil idirnáisiúnta chomhoibrithe phobail ar an ‘Díchoilíniú’ i Naomh Comhghall ar Bhóthar na bhFál

Labhair an Dr Faith Mkwesha, acadóir idirnáisiúnta leis an Ollscoil Helsinki san Fhionlainn, ag cur ‘stair mhalartach agus eolas malartach mar bhonn ag bealaí malartacha chun a bheith gníomhach’

D’oibir Glór na Móna, eagraíocht phobail agus óige lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste, i gcomhpháirt le hOllscoil na Banríona Bhéal Feirste ar chomhdháil idirnáisiúnta spreagúil ar an ‘Díchoilíniú’ a chur ar siúl ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. Thit an chomhdháil dhátheangach amach ar feadh amháin san fhoirgneamh breá úr Naomh Comhghall hAoine 5 Bealtaine, agus chuala réimse leathan de breis agus 40 cainteoirclanna léinn mór le , taighdeoirí, gníomhaithe cóir shóisialta agus ealaíontóirí pobail ina measc.

Ag cur síos ar cad ba chúis leis an chomhdháil a reáchtáil, dúirt an Dr Síobhra Aiken, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, é seo:

muid ag obair le Glór na Móna le bliain anuas ionas go bhforbrófar comhpháirtíocht luachmhar taighde leis an phobal Gaeilge áitiúil agus gluaiseacht na hathbheochana. Eascraíodh smaoineamh na comhdhála seo ón rannpháirtíocht chosmuintire agus an malartú eolais. Tá iarmhairtí an choilíneachais i sochaí an lae inniu faoi imscrúdú athnuaite sna meáin agus in institiúidí acadúla le blianta beaga anuas, go háirithe ó na hagóidí Black Lives Matter ar fud na cruinne i ndiaidh do na póilíní George Floyd a mharú sna SAM. Spreag seo díospóireachtaí fiúntacha dtaca leis an chiníochas shistéamach, dianseasmhacht an impiriúlachais chultúrtha, agus an dóigh chun díchoilíniú a dhéanamh ar churaclam na scoile agus na hollscoile. Is léir go raibh tionchar ag na díospóireachtaí seo go dtí seo ón chinneadh a rinne Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar na mallaibh chun blaoscanna a gabhadh gan chead ó Inis Bó Finne in 1890 a thabhairt ar ais.

‘Is i bhfad go ndearnadh neamhaird ar an Ghaeilge, an athbheochan chultúrtha, agus athghabháil teanga in Éirinn go dtí seo sna comhráite tábhachtacha faoi iarmhairtí an choilíneachais, áfach. D’ainneoin na samplaí suntasacha gur chruthaigh agus gur spreag Éire, san am atá thart agus san am ina bhfuil muid, cuid de na léirithe agus cleachtais is cruthaithí agus is misniúla díchoilínithe ar domhan. de rún ag an chomhdháil seo comhrá a thoiseacht ar an bhealach a ndruideann muid an bhearna eolais ar dhóigh ábhartha don chosmhuintir, d’acadóirí, agus do ghníomhaithe araon. Bhí tábhachtach freisin gur chuir muid an t-imeacht seo ar siúl i suíomh pobail leis an ollscoil a bhaint ó lár an chomhrá mar cheannródaí an eolais agus an taighde

Bhí lúcháir orainn an chlann léinn idirnáisiúnta an Dr Faith Mkwesha, acadóir leis an Ollscoil Helsinki san Fhionlainn, a fháiltiú mar an t-eochairchainteoir. Thug an Dr Mkwesha faoi theangacha a bheith faoi chois san Afraic a phlé agus labhair  faoin díchoilíniú mar oideolaíocht chriticiúil a chruthaíonn suíomhanna do “stair mhalartach agus eolasmalartach mar bhonn ag bealaí malartacha chun a bheith gníomhach.”

‘Thug an siompóisiam seo deis imscrúdú agus anailís a dhéanamh ar an obair nach beag a rinneadh le céad bliain anuas le gníomhaithe pobail, scoláirí, staraithe, ealaíontóirí agus a n-iarrachtaí i dtreo an díchoilíneachais teangeolaíochta, shóisialta, pholaitiúil, eacnamaíochagus chultúrtha. muid faoi chomaoin mhór ag ár maoinitheoiríForas na Gaeilge agus an Royal Irish Academy go háiritheagustchíonn muid é seo mar thús comhrá agus beidh mar aidhm againngréasán taighde inmharthana do ghníomhaithe a fhorbairt san am amach romhainn.’

D’aontaigh an Dr Órla Nig Oirc, Oifigeach Forbartha Ghnó Ghlór na Móna, a dúirt:

‘Is onóir agus pribhléid é an chomhdháil ábhartha thráthúil seo a thabhairt go Bóthar na bhFál i mBéal Feirste. Le linn na hoibrerannpháirtíche leis an Dr Síobhra Aiken agus Roinn na Gaeilge le hOllscoil na Banríona Bhéal Feirste, rinne muid ár ndícheall stádas nascothaicme a bhronntar go mícheart ar institiúidí Acadúla, rud a dhéanann dorochtana don aicme oibre iad, a shoiléiriú. ár gcuid oibredírithe ar an neamhchothroime seo a chur ina ceart agus ag tabhairtsolas agus luach don ‘radharc ó thíos faoi’ ag teacht ó ghníomhaitheagus saineolaithe atá ag obair i bpobail chosmhuintire.

‘Is sampla foirfe í an chomhdháil seo den tábhacht a bhaineann le spásanna don díospóireacht chriticiúil, gréasánaíocht, agus malartú eolais a chruthú. Comhdháil leathlae le deich bpáipéar mar sin a bhí de rún againn i dtús báire. muid iontach tógtha faoin tsuim agus faoin ráchairt a bhí sna téamaí tráthúla seo, áfach. Ar an drochuair, bhí orainn cainteoirí a dhiúltú de bhrí go raibh ró-éileamh uirthi agus níor mhór dúinn an dara seomra a fháil chun dhá phainéal a éascú ag an am chéanna. Rinneadh páipéir á soláthar ag acadóirí a bhfuil neart taithí acu a roinnfidh painéil le Garraíodóirí Pobail, Filí, gníomhaithe Cearta Daonna, staraithe, soch-theangeolaithe, oibrithe óige, cleachtóirí spóirt don phobal, agus taighdeoirí PhD na todhchaí. In achan chas, is é an snáithe is coitianta glór a thabhairt do dhearcthaí frithbheartaíochta a gcuirtear bac orthu, a ndéantar neamhaird orthu, agus a imeallaítear go minic i suíomhanna acadúla agus i ndioscúrsa oifigiúil an stáit.

Léirigh an oiread suime sa chomhdháil seo go bhfuil spéis nach beag ann d’fhóraim phobail chuimsitheacha agus rannpháirtíocha a leithéid de seo a thugann daoine le chéile ar mhaithe le domhan níos fearr agus níos córa. Bhí seo mar an chéad chomhdháil de neart eile, tograí, agus tionscnaimh dírithe ar ghréasáin inmharthana úra a fhorbairt a thugann taighdeoirí, gníomhaithe acadúla, agus cleachtóirí pobail le chéile. Tá muid ag dúil go mór le bheith ag tógáil air seo san am amach romhainn.’


Ábhair na Comhdhála 2023:

Dr. Deaglán Ó Mocháin – ‘An Lá Dearg: Díchoilíniú ar na sráideanna’ (in Irish only)

Seán Mac Brádaigh – ‘What’s decolonisation got to do with us anyway?’ (In English)

Katie Nic Con Midhe – ‘An Béal Beo: Scéalaíocht, Cneasú, agus na Daonnachtaí Leighis’ (in Irish)

Eibhlín Nic Cormaic – ‘An Ghaeilge, an feimineachas, agus na cimí Poblachtacha mná’ (in Irish)

Jamie Mac Daibhéid – ‘In Ainm Dé?: An Chríostaíocht agus an coilíneachas sa bhaile agus i gcéin’ (in Irish)

Leah Rea – ‘Constiutional Colonialism, Othering, Politicisation: Impact of Constitutional Conventions and Parliamentary Procedures on the states of the Irish language in NI since partition’ (in English)

Naoise Ó Cuilín – ‘Na constaicí is déanaí le poilíneacht an phobail: Dearcthaí ó cheantracha lucht oibre Bhéal Feirste’ (in Irish)

Dr Peter Doran – ‘Ireland and the Pluriverse: Decolonisation and Ecological Politics’ (in English)

Róisín Nic Liam – ‘Ag Filleadh Arís: Ról na Gaeilge i bParaidím an Díchoilínithe Éireannaigh’ (in Irish)

Máire McCaffertt – ‘Ról na gColáistí Samhraidh Gaeilge i ndíchoilíniú na hÉireann roimh críochdheighilt na tíre in 1922’ (in Irish)

Dr Pádraig Fhia Ó Mathúna – ‘Bunachar Bhéaloideas na Féinne agus an próiseas díchoilínithe sa spás digiteach’ (in Irish)

Dr Laurence McKeown – ‘Lessons from the H-Blocks: a new social order’ (in English)

Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh – ‘Promoting Sedition – The Irish Language Revival in the North of Ireland – Power, Resistance and Decolonisation’ (in Irish)

Ciara Nic Aoidh – ‘Léamh éiceafheimineach ar cheol Clare Sands’ (in Irish)

Ciarán Mac Giolla Bhéin – ‘Neart ár ngéag – Díchoilíniú rannpháirteach agus Laochra Loch Lao CLG’ (in Irish)

Anna Nic Gafraidh – ‘Gangsta Gaeilge i nGaeltacht Iarthar Bhéal Feirste’ (in Irish)

Eoin Ó Cuinneagáin – ‘Decolonial Gaelic Methodologies’ (in english)

Ian Ó Caoimh – ‘Melmoth the Wanderer agus Ulysses: an Macarónachas, an Gotachas agus an tÚrscéal sa Ghaeilge’ (in Irish)

Amber Nic Dháibhéid – ‘An díchoilíniú i gcomhthéacs litríocht na Gaeilge ó thuaidh‘ (in Irish)

Dr. Feargal Mac Bhloscaidh – ‘Athghabháil na Gaeilge‘

Conchúr Ó Muadaigh – ‘Gluaiseacht phobail ón mbonn aníos An Dream Dearg’

Dr. Alison Mac Kenzie – ‘Disrupting colonial violence and epistemic injustice: Intergenerational learning in Irish language reclamation’ (in English)

Fionnghuala Nic Roibeaird – ‘Rojava i mBéal Feirste: Ag sintéisiú Jineoljî le hathghabháil na Gaeilge’

Bláithín Mhic Cana – ‘Amhránaíocht ar an tSean Nois mar uirlis athghiniúna pobail agus teanga’ (in Irish)

Dr. Kerron Ó Luain – ‘Cuireadh bac ar fás na Gaelscolaíochta’

Dr. Colm Mac Gearailt – ‘Conradh na Gaeilge, RTÉ agus an t-Impiriúlachas Cultúir‘

An tOllamh Fionntán De Brún – ‘Athbheochan ón taobh istigh – teacht aniar thraidisiún na lámhscríbhinní Gaeilge san 18ú haois agus sa 19ú haois’

Dr. Mel Engman – ‘From name to bradán: Learning with place as a settler migrant scholar’

Jake Mac Siacais – ‘An Slabhra gan Briseadh’ (in Irish)

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Check Also
Close
Back to top button