FéiltíGinearáltaImeachtaí

Léiriú “Vótaí do Mhná” le Dearcán Media & Margaret Ward

Vótaí do Mhná le Margaret Ward

 

 

 

 

 

 

Is scéal eagrúcháin agus crógachta é an dóigh ar bhain Mná na hÉireann an vóta amach in ainneoin aineolais, neamhshuime agus naimhdis. Sna deich mbliana seo de chuimhneacháin pholaitiúla in Éirinn, tugann sé tuiscint eile ar fad ar Rialtas Dúchais, an Chéad Chogadh Domhanda agus an tréimhse réabhlóideach in Éirinn. Roimh an chéad chogadh domhanda, bhí gach mórpháirtí polaitiúil, in Éirinn agus sa Bhreatain, in éadan vótaí do mhná – bhí cosc orthu vóta a chaitheamh i Westminster, agus bheadh cosc orthu in aon pharlaimint Átha Cliath nó Bhéal Feirste fosta. Bhí sé fágtha do mhná iad féin, in éineacht le mionlach fear radacach, sóisialach agus poblachtach gníomhú go dian chun an vóta a fháil, rud a tharlaigh do mhná a bhí thar 30 in 1918, i dtír a d’athraigh go suntasach i ndiaidh shuaitheadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus Éiri Amach 1916.

Margaret Ward:

Is staraí feimineach í an Dr Margaret Ward. I measc a leabhar, tá Unmanageable Revolutionaries: women and Irish nationalism, chomh maith le beathaisnéisí Maud Gonne agus Hanna Sheehy Skeffington. Ba stiúrthóir í ar an Women’s Resource and Development Agency ó 2005-2013 agus is ánra ar cuairt í i Stair na hÉireann ar Ollscoil na Banríona. Luíonn suim taighde s’aici faoi láthair i nGluaiseacht na Sufraigéidí Ulaidh agus tionchar an Chogaidh Mhóir ar na mná Feirsteacha.

Gael – Ionad Mhic Goill
14/03/18
19:00

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button