FéiltíGinearáltaImeachtaíLéachtaí Pobail

No Stone Unturned

Scannán & Paineál le Barry McCaffrey & Niall Murphy

Ar an 9ú lá Márta, beidh No Stone Unturned a léiriú againn le painéal léargasach ina dhiaidh leis an t-iriseoir iomráiteach Barry McCaffrey agus dlíodóir theaghlaigh Loughinisland, Niall Murphy beirt páirteach ann. Is é No Stone Unturned an scannán atá bunaíocht na Breataine ag iarraidh a choinneáil faoi rún. Léiríonn an clár faisnéise claonpháirteachas stáit ag leibheál sinseara le grúpa mharfóra dílseora freagrach as ceann de na hainghníomhanna seicteacha is measa de na trioblóidí.
Léiríonn an scannán le stiúrthóir agus buaiteoir Oscar, Alex Gibney, teaghlaigh Loughinisland agus iad ag dul i ngleic le bunaíocht na Breataine ar nós David agus Goliath leis an fhírinne a léiriú maidir le cosaint mharfóirí a mball teaghlach ag na péas. Toghadh an scannán suntasach seo ar an “Gearsscanán is fearr de 2107” ag léitheoirí an Irish Times, ainmníodh é don Ghearrscannán is fearr ag an Irish, Film and Television Awards agus é san áireamh le haghaidh Oscar.

Barry McCaffrey

Ba iriseoir é Barry McCaffrey do bheagnach 20 bliain agus é ag scríobh go forleathan ar na trioblóidí agus fairisnge an chlaonpháirteachais sa Chogadh Salach! Lean McCaffrey teaghlaigh Loughinisland do bhreis agus dhá bhliain déag agus trí caipéisí slandála scaoilte, chuidigh sé le ragairne dúnmháraithe an UVF, éascaithe agus cosanta ag an stát, a nochtadh.

 

 

Niall Murphy

Is pairtnéir é Naill le Dlíodóirí KRW LLP, cleachtadh cearta daonna iomráiteach i mBéal Feirste. Tá an cleachtadh treoraithe ag líon suntasach de chliaint bainte le dlí stairiúil i dtaobh básanna agus dochar na coimhlinte ar nós Loughinisland, Loughgall, Claudy, Clonoe, Kingsmill, buamaí Bhaile Átha Cliath & Muineacháin, buama thabhairne McGurk, sraith mháraithe ag Glennane Gang, Ormeau Road Bookmakers, buama Birmingham 1974 agus eile. Tá Niall treoraithe ar son cúpla teaghlach bheith ionadaíoch ag áthoscáilt na n-ionchoisní ‘John Stalker / Shoot to Kill’ i dtaobh dúnmhárú 6 fhear óg dí-airmthe sa bhliain 1982 ag an RUC.

Is stiurthóir é Niall ar Relatives for Justice agus tá ionadaíocht deánta aige ag an Rialtas Eorpach sa Bhruiséil, ag an Choimisnéar Cearta Daonna AE i Strásburg mar aon leis an Choiste Cearta Daonna NA i Geneva chomh maith le léachtaí a thabhairt in Ollscoileanna lena n-áirítear Washington, Pittsburgh, Jersey City, Fordham University New York agus Harvard, Massachusetts.

Is stiúrthóir é Niall ar Brassneck Theatre Company, ball painéil den Chiste Cearta Daonna, Cathaoirleach oininigh ar an Belfast International Homecoming agus suíonn sé ar Bhord Achmhainní Daonna CLG Aontroim. Is leas-chathaoirleach é Niall le CLG Naomh Éanna agus is bunaitheoir agus gobharnóir é le Gaelscoil Éanna.

Gael – Ionad Mhic Goill
09/03/18
19:00

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button