Ginearálta

Laoch an phobail Matt Lundy ar Shlí na Fírinne

Éist lena phodchraoladh anseo

Tá méala mór agus cumha ar chroíthe phobal Ghlór na Móna mar gheall ar an scéal thubaisteach gur imigh Matt Mór Mac Giolla Fhiondúin (Lundy) ar shlí na Fírinne tar éis tréimhse tinnis.

Mar a tharla do chuid mhór d’aos óg mhórphobal Uachtar Chluanaí, sheas Matt an fód in aghaidh an impiriúlachais agus an cos ar bolg a rinneadh ar phobal s’againn de bharr forlámhas fuilteach arm na Breataine sa cheantar. Chuaigh Matt isteach in Óglaigh na hÉireann agus gabhadh é agus é mar dhéagóir sula daoradh tréimhse phríosúnachta saoil air i 1977. Ghlac Matt páirt in agóid na pluide, áit ar fhoghlaim sé an Ghaeilge den chéad uair, rud a d’fhág rian láidir ar an chuid eile dá shaol. D’imir sé ról lárnach san fheachtas chorraitheach ar son leithscaradh ó na príosúnaigh dhílseacha tar éis tréimhse na stailceanna ocrais in 1982. 

Thosaigh Matt ar oideachas foirmiúil agus é i bpríosún fríd an Ollscoil oscailte agus chríochnaigh sé céim s’aige sa Ghaeilge agus sa Pholaitíocht in Ollscoil na Banríona nuair a scaoileadh saor é i 1990. Chaith Matt a chuid fuinnimh agus dúthrachta ar ais sa ghníomhachas pobail ina cheantar dúchais agus é saor ón ghéibheann agus thosaigh sé láithreach ar an fhís s’aige go mbeadh Gaeloideachas ar fáil do Phobal Lóiste na Móna, mar a bhí cheana féin ag ceantar Bhaile Uí Mhurchú. Is Matt a shamhail agus a thiomóin an fhís cheannródaíoch seo agus a bhunaigh Naíscoil na Móna in 1994 tar éis feachtas poiblíochta agus earcaíochta inar cuireadh dhá bhliain d’obair chrua isteach fána choinne. Spreag agus ghríosaigh Matt an pobal áitiúil agus thiomáin sé an togra sna luathbhlianta go dtí gur bunaíodh Gaelscoil na Móna in 2000. Bhí baint lárnach ag Matt sa scoil ó shin agus é gníomhach mar ghobharnóir go dtí na mallaibh.

 

VLUU L200 / Samsung L200

Lena chois sin, thosaigh Matt ag teagasc ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta sa cheantar sna mall nochaidí agus d’aimsigh sé paisean teagaisc nár imigh uaidh ar feadh an 25 bliain eile a mhair sé ar an domhan. Is Matt a thosaigh ranganna Gaeilge i gCumann Ghort na Móna CLG agus Cumann na Méirleach sa tréimhse seo. In 2004, d’imigh Matt  le bheith ag obair ó dheas ar feadh tréimhse mhaith de bhlianta ach thóg sé an Gaelachas, an gníomhachas agus an poblachtachas leis cibé áit ar oibrigh sé. 

Nuair a d’fhill sé in 2009, bhí Glór na Móna ar an fhód anois sa cheantar agus ghlac Matt ceannasaíocht ar ranganna s’againn láithreach. Tháinig sé ar ár gcead turas Gaeltachta chuig Teach Jack i nGaoth Dobhair agus thiomáin sé an bus chuig achan chearn don tír inar inis sé scéaltaí fá stair na hÉireann, béaloideas áitiúil, siógaí, miotaseolaíocht agus 20 rud eile nach iad. Is Matt a d’eagraigh na turais Ghaeltachta do ranganna s’againn gach bliain ina dhiaidh sin agus muid ag tabhairt aghaidh ar cheantracha Gaeltachta agus iarGhaeltachta ar nós Gleann Cholm Chille, Aran Mór, agus an tOileán Reachlainn i measc áiteanna eile.

Fríd na blianta, theagasc Matt gach leibhéal ach bhí tallann as cuimse aige do bhunranganna agus glan-tosaitheoirí, a spreag sé le grá agus paisean don chultúr agus don Teanga. Go minic, ní raibh na foghlaimeoirí seo ag iarraidh bogadh ar aghaidh ar a n-aistear foghlama, b’fhearr leo fanacht sa bhunrang le Matt! Ghlac Matt dhá rang oíche agus dhá rang i rith an lae do Ghlór na Móna  ach ag pointe áirithe, bhí sé ag teagasc 18 rang in aghaidh na seachtaine ag an am chéanna. Ranganna i gCumann Lámh Dhearg, Cumann na Méirleach, ranganna do Fhir an Phoist, státseirbhísigh DRD, oifigigh VAST (Victims and Survivors Trust) agus 20 grúpa nach iad. Bhí paisean agus iontaofacht s’aige tógálach agus sainiúil agus chuaigh i bhfeidhm ar gach duine a fuair an deis phléisiúrtha bualadh leis. Thar aon duine eile sa cheantar, bhí sceitimíní ar Matt nuair a tógadh Gael-Ionad Mhic Goill agus lárionad pobal ag na Gaeil sa cheantar, áit a mbeadh mar cheanncheathrú do ranganna s’aige. 

Nuair a bhuail an Phaindéim, ghlac Matt na céadtaí rang ar zúm in gach sórt ama don lá – cibé rud a bhí fóirsteanach don fhoghlaimneoir. Rinne sé seo chomh maith le bheith ag stiúradh na seisiún bingo ‘fán spéir’ i Lóiste na Móna agus ag scaipeadh na mílte potaí le síoltaí ‘lus na gréine’ ar fud an ceantair. Mar is dúil do Matt, chuir sé miantaí daoine eile thar aon cheo eile, go háirithe mar a bhain sé le cur chun cinn na Gaeilge agus tógáil pobail de.

Is deacair againn a chreidbheáil nach gcluinfidh muid an guth séimh grámhar greannmhar cineálta s’aige i mbun ranga nó scéalaíochta aríst. Ach d’fhág Matt lorg cumhachtach ar phobal s’againn a fhanfas sa chuimhne go deo na ndeor. Rinne sé beart de réir briathair, chuir sé síoltaí réabhlóideacha pobail a bheas ag bláthú do na glúnta amach romhainn. Fear lách fial flaithiúil agus cineálta.  Bhí crógacht dhiongbháilte dhaingean dhíograiseach fá gach gníomh ar ghlac sé páirt ann. Cronóidh muid uainn go mór é agus tá muid mar a bheadh Oisín i ndiaidh na bhFiann. Is cinnte nach mbeidh a leithéid aríst ann.

‘Dá mba ór an duille donn,

A chuireann di an choill,

Dá mba airgead an ghealltonn

Do thíolocfadh Matt’

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button