GinearáltaLogainmneacha

Téann gníomhaí teanga an Uachtar Chluanaí i mbun gnímh

Inniu i gCéide Bhaile Uí Mhurchú ghlac cónaitheoirí áitiúla in éineacht le daoine óga agus gníomhaithe de chuid Ghlór na Móna, eagraíocht phobail agus óige sa cheantar, an feachtas maidir le comharthaíocht dhátheangach chuig leibhéal eile, nuair a chuir siad in airde an comhartha iad féin agus mana Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ‘Ná hAbair  é, Déan é’ ar intinn acu.

Tá cónaitheoirí ag stocaireacht agus ag feachtasaíocht sa tsráid ar mhaithe le comharthaíocht dhátheangach ó bhí 2013 ann.  Ón 92 cónaitheoir a bhí ábalta dul faoin tsuirbhé le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, tháinig 52 arais, seo tromlach na gcónaitheoirí, a mhaíomh go raibh siad ar lorg comharthaíocht dhátheangach sa tsráid. De bhrí nár ghlac 39 cónaitheoir páirt sa tsuirbhé, dúradh nár baineadh an t-éileamh de dhá thrian amach agus theip air.

De thairbhe go dtáinig tromlach na gcónaitheoirí ar ais go dearfach maidir leis an chomharthaíocht dhátheangach, mothaíodh go raibh leatrom á dhéanamh orthu. D’iarr cónaitheoir áitiúil go mbeadh athbhreithniú breithiúnach déanta ar pholasaí na Comhairle, ach thacaigh an breitheamh leis an chomhairle agus dúirt sé nach raibh seasamh dleathach ag an Ghaeilge sa cheantar. Bhí dóchas ann nuair a osclaíodh an cás leis an Chúirt Achomhairc,  ach cuireadh deireadh leis seo nuair a d’aontaigh an Chomhairle go gcuirfeadh siad cás Chéide Bhaile Uí Mhurchú os comhair an choiste chuí i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste.

I ndiaidh an tríú huair d’iarrachtaí leis an chomharthaíocht dhátheangach a bhaint amach i gCéide Bhaile Uí Mhurchú, rinneadh neamhaird arís de mhianta na gcónaitheoirí de bharr gur vótáil 26-24 go gcloífeadh siad le polasaí na Comhairle.

Léirigh na cónaitheoirí inniu a bhfrustrachas nuair a dhear agus chuir siad in airde a gcomhartha féin mí-oifigiúil.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, cónaitheoir de chuid na sráide agus gníomhaí teanga,

‘Is samhnasach an scéal é sa bhliain 2016 go gcaithfidh Gaeil agus saoránaigh na cathrach seo pilleadh ar na gnímh chéanna a thit amach sna 1980í maidir le comharthaíocht sráide dhátheangach agus í a bheith in éadan an dlí.

‘I ndiaidh trí bliana den fheachtas áitiúil seo do chomharthaíocht dhátheangach i gCéide Bhaile Uí Mhurchú, tá muintir an cheantair go fóill ag fanacht le comhionannas.

‘I ndiaidh don diúltiú ar a gcearta sa chúirt agus ag iarraidh an polasaí leatromach a athrú leis an údarás áitiúil pholaitiúil, chuir Gaeil áitiúla an comhartha in airde as a stuaim féin agus spreagadh ó mhana Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, ‘Ná hAbair é, Déan é’.

‘Léiríonn seo an neamhaird institiúideach atá á tarlú faoi láthair agus a tharla sna blianta roimhe seo, cé go bhfuil muid breis agus fiche bliain ó bhí an Próiseas Síochána curtha i bhfeidhm. Is é tús agus deireadh an scéil ná go bhfuil cearta agus leatrom ag tarlú i rith an ama le cainteoirí Gaeilge agus bíonn muid ag fulaingt na bpolasaithe as dáta seo atá mar chuid dár stair choilíneach.

‘Mar a dúirt Alberto Memmi, gníomhaí iomráiteach frith-choilíneach, ‘to forego the use of the coloniser’s language, he must change the signs and the highway markings, even if he is the first to be inconvenienced.’

Sa bhliain 2016, tá pobal na Gaeilge i dteideal cosaint dhleathach agus eineachras cearta daonna le cinntiú go bhfuil comhionannas ag tarlú. Léiríonn an gníomh seo inniu an tábhacht le hAcht Gaeilge atá ceart-bhunaithe agus cuireann sé go mór leis an fheachtas reatha le stocaireacht a dhéanamh ar na húdaráis pholaitiúla, Feidhmeanas Stormont agus Westminster , chun glacadh le cearta na gcainteoirí Gaeilge sna sé chontae.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button