Féiltí

Féile Gaeilge le Bród

 

Féile-Gaeilge-PROGRAMME-DOWNLOAD

Preas Ráiteas….Press Release… Preas Ráiteas….Press Release…

Tá lúcháir ar Ghlór na Móna Féile Gaeilge le Bród a fhógairt arís i mbliana, Féile Ghaelach do chách san Uachtar Chluanaí agus i bhfad i gcéin. Titfidh an fhéile amach ón 7ú-13ú lá Samhain le himeachtaí d’achan duine ó leanaí óga, déagóirí, tuismitheoirí, foghlaimeoirí go pinsinéirí.

Buail isteach agus faigh d’ainm i nGaeilge sa leabharlann ar an Luan le sáineolaí sloinntí an Dochtúir Stiofan Ó Direáin, bígí linn do chéilidh mhór i dTeach na Móna Dé Máirt, cuir na páistí chuig sársheisiúin spóirt i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh le Micko Herron ar an Chéadaoin, foghlaim faoin scríbhneoir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain ag Léacht Harry Holland Dé hAoine i gClubtheach Ghort na Móna agus tugaigí tacaíocht do d’fhoireann i gCorn Olibhéar Uí Cheallaigh ag Pairc Lámh Dhearg ar an Satharn sula dtarraingíonn John Spillane an dian anuas orainn sa chlubtheach an oíche céanna!

Tá fórmhór na n-imeachtaí saor in aisce do chách le linn na Féile ach le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seán: oifig@glornamona.com / 0044 2890 585 755 ná féach an clár ar www.glornamona.com

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button