FéiltíFíseáinGinearáltaImeachtaíLéachtaí PobailOideachas

Coláiste Feirste: Is fiú an tairbhe an trioblóid

Plé-phainéal spreagúil mar chuid d'Fhéile na Carraige 2022 ag ceiliúradh 30 bliain de Choláiste Feirste

Labhair Fergus Ó hÍr, Máire Nic an Bhaird, Máire Nic Fhionnachtaigh agus Mícheál Mac Giolla Ghunna ar phléphainéal trí Ghaeilge faoin dua agus na buanna s’acu ar son na Gaeilge mar cheiliúradh ar 30ú breithlá Choláiste Feirste. Taispeánadh sciar den fhíseán den dráma a scríobhadh faoi 30ú breithlá na scoile roimh an chaint.  Thit an imeacht seo amach i gColáiste Feirste mar chuid d’Fhéile na Carraige 2022.

Is gníomhaí pobalbhunaithe é Fergus Ó hÍr a raibh baint aige leis an Chumann Cearta Sibhialta agus an feachtas ar son na streachailte sna blocanna H agus ba bhunaitheoir é de Raidió Fáilte agus Coláiste Feirste, an chéad mheánscoil Ghaeilge sna sé chontae. Is múinteoir Choláiste Feirste í Máire Nic an Bhaird a d’fhás aníos tríd an chóras Ghaeloideachais ó na luathbhlianta agus bhí sí i mbun feachtasaíochta in aghaidh an Achta 1737 a chur cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna. Is láithreoir le Raidió Fáilte í Máire Nic Fhionnachtaigh a bhfuil neart taithí aici mar ghníomhaí teanga go háirithe maidir leis an Chaife Ghlas, an Cultúrlann Mac Adaim Ó Fiach agus mar ghobharnóir agus tuismitheoir Choláiste Feirste. Is príomhoide Choláiste Feirste é Mícheál Mac Giolla Ghunna a raibh mar chuid de dhianfheachtas ar son na nGaelscoileanna, ar son na Gaeilge in Ollscoil na Banríona, i nGaeltacht na Fuiseoige agus in aghaidh an ghrinnfhiosrúcháin ar Ghlór na nGael.

Féach an físeán iomlán:

Show More

Related Articles

Back to top button