FíseáinGinearálta

Buaiteoirí Ghradam na hAislinge 2017

Tá lúcháir orainn i nGlór na Móna gur bhain muid Duais na Gaeilge ag Gradaim na hAisling 2017. Seo é Feargal Mac Ionnrachtaigh, ár stiúrthóir, ag glacadh le duais na Gaeilge ag Gradaim na hAislinge thar ceann Ghlór na Móna:

‘Dúirt muid anuraidh nuair a d’oscail muid Gael-Ionad Mhic Goill go raibh muid ag seasamh ar ghualainn fathaigh. Na fathaigh a bhunaigh Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus na ceannródaithe ónár gceantar féin cosúil le Seán Mac Goill, Jim McCann, Seán Ó Muireagáin, Maureen McGuinness agus Matt Lundy a leag dúshraith don ghlúin úr de Ghaeil radacacha, ghlóracha agus ghníomhacha atá ag glacadh athghabháil na teanga chuig an chéad leibhéal eile i mBéal Feirste.

Tá pleananna móra againn le haghaidh ollionad nua Óige agus teaghlaigh a thógáil sa talamh béal dorais leis an Ghaelionad, a bheas mar dhorchla Gaeltachta san Uachtar Chluanaí. An Chéad fhoirgneamh den chineál seo i stair an stáit agus beidh cuidiú agus tacaíocht leathan de dhith orainn chun an sprioc seo a bhaint amach.

Is na Gaeil óga ghníomhacha chéanna atá ag obair le Glór na Móna atá lárnach san fheachtas ar son acht Gaeilge neamhspleách ó thuaidh. Ní ghlacfaidh siad oiread is coiscéim amháin siar. Tá laethanta saoranachta don darna grad thart agus Ní bheith muid sna suíocháin ar chúl an bhus a thuilleadh. Is saol trí Ghaeilge atá uainn. Go n-éirí linn.’

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button