Ginearálta

D’eagraigh Glór na Móna bailiúcháin ‘stairiúil agus cumhachtach’ i Nua Eabhrac

Tá pobal na nGaeilge i Nua Eabhrac i ndiaidh teacht le chéile chun tacaíocht a thabhairt do thógáil ‘Croí na Carraige’ de chuid Glór na Móna i Manhattan

D’éirigh leis an eagraíocht ceannródaíoch óige agus pobail, Glór na Móna, a bhfeachtas maoinithe caipitil a thabhairt trasna an Atlantaigh an tseachtain seo caite le hócáid thábhachtach i Rosie O’Grady’s i Manhattan ar Déardaoin an 5ú Meitheamh. Eagraíodh an ócáid ar son an fheachtais mhaoinithe dá bhfoirgneamh caipitil nua, Croí na Carraige, lárionad ilchuspóireach d’óige, pobail, teaghlaigh agus oidhreachta ar an talamh folamh atá in aice leis an ionad reatha. Bhí an teach lán ag ócáid Rosie O’Grady’s le breis agus 100 duine i láthair.

Ag labhairt i ndiaidh na hócáide, dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Glór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh:

‘Táimid ar bís faoin oíche chumhachtach stairiúil a bhí againn i Rosie O’Grady’s i Manhattan nuair a tháinig pobal na nGael-Mheiriceánach le chéile chun tacú lenár bhfís do Chroí na Carraige. Fuair muid tacaíocht chineálta agus ilghnéitheach ón AOH, Friends of Sinn Féin, Conradh na Gaeilge Brooklyn, James Connolly Labour Association, Gaeltacht NYC, Transport Workers Union, Brehon Law Society, Power Sustainable, Fine Construction, Silvercrest, O’Cathain Law Group chomh maith le People’s Network for Land and Liberation, Democracy Collaborative, Cooperation Jackson agus na Friendly Sons of St Patrick in Long Island. Bhí an-áthas orainn go raibh Helena Nolan ó oifig an Chonsalacht Ghinearálta i Nua-Eabhrac linn agus go labhair sí go hard faoin tionscadal thar ceann rialtas na hÉireann. Bhí lúcháir orainn freisin gur tháinig Mairead McNamara ón Irish American Partnerships agus gur bhronn sí seic $10,000 an oíche sin.

‘Táimid faoi chomaoin ag Máirtín Ó Muilleoir agus an Irish Echo a thacaigh agus a urraigh an ócáid i Rosie’s. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár gcainteoirí Paul Maskey MP, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Doireann Ní Ghlacáin agus Michael Patrick McDonald a léirigh tábhacht agus cumas claochlaithe an tionscadail. Rinne Marty Glennon ón Brehon Law Society jab den scoth mar fhear an tí agus thug na ceoltóirí cáiliúla Chris Byrne, Brian Finnegan agus gníomhaithe Gaeilge Brooklyn ceol traidisiúnta den scoth don ócáid. Táimid thar a bheith sásta gur líon muid Rosie’s i Manhattan le haghaidh ócáid mhaoinithe rathúil, an chéad ócáid den chineál seo sa chathair ó phobal na Gaeilge. Ba thús iontach é seo dár bhfeachtas maoinithe sna Stáit Aontaithe agus tá scéal agus tábhacht Chroí na Carraige ag scaipeadh anois i measc Ghael na cathrach.’

Thug Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus comhbhunaitheoir Glór na Móna, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a bhí ar dhuine de phríomhchainteoirí na hoíche, a thuairimí freisin:

‘Ba mhór an onóir dúinn bheith inár seasamh le pobal na nGael i Nua-Eabhrac anocht. Is léiriú eile é seo ar an méid atá bainte amach ag ár bpobal i gceann tréimhse chomh gairid. Tá muid ag seasamh ar ghualainn fathaigh: ceannródaithe, gníomhaithe, ár dtuismitheoirí a bhí fís mhór mhisniúil acu le linn dorchadais agus éadóchais agus d’athraigh siad an domhan thart orthu. Is é an sprioc atá againn ná lárionad ilchuspóireach d’óige, pobail agus oidhreachta a fhorbairt ar thalamh atá folamh le fada ach a bhfuil fréamhacha láidre aige i bhforbairt phobail agus na Gaeilge. Tá muid ag ullmú don todhchaí; ag forbairt gníomhaithe óga cumhachtaithe agus ag tógáil bonneagar chun iad a chur chun cinn. Níor bronnadh aon rud orainn – bíodh sin scoileanna, ár gclubanna óige, cearta teanga agus, le déanaí, ár dtionscadal caipitil uaillmhianach, bhí orainn faoina choinne. Tá ár ndaoine óga lárnach sa streachailt sin agus, ti ndiaidh dóibh bua a gcuid dua a fheiceáil, tá siad réidh chun todhchaí níos fearr a mhúnlú. Níl ann ach tús leis an chaidreamh dearfach torthúil a bheidh idir pobal na Gaeilge agus an diaspóra i Meiriceá Thuaidh.’

Ag labhairt ag an ócáid freisin, dúirt Feisire Parlaiminte Bhéal Feirste Thiar, Paul Maskey:

‘Bhí lúcháir an domhain orm cuireadh a fháil chuig cathair iontach Nua-Eabhrac mar aoichaointeoir de chuid Glór na Móna. An méid a bhain siad amach i Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite nuair a tháinig slua mór ilghnéitheach le chéile i Manhattan chun tacú le Croí na Carraige, bhí sé thar barr agus is léiriú é ar a ndiongbháilteacht agus a gcumas. Ba mhór an onóir dom a bheith páirteach ann.

‘Tá an oiread sin daoine agus earnálacha bríomhara tiomanta i ngach cearn de Bhéal Feirste Thiar – ó ghrúpaí pobail, teanga, spóirt, gnó, cultúir agus oideachais, mar shampla – agus mar Fheisire, tá mé thar a bheith buíoch. Ach tá grúpa ann i gcónaí a sháraíonn na héileamh uilig. Tá grúpa ann a bhfuil ceannasaíocht acu a thagann chun cinn nuair is gá. Glór na Móna, dar liomsa gan amhras, is é sin an grúpa. Tá sé seo léirithe acu arís ‘s arís. Seasann Glór na Móna ar son na cothroime agus in aghaidh na héagóra. Thar na blianta, bhí go leor cruinnithe agus comhráite agam leo, agus b’iontach i gcónaí liom an tiomáint atá acu chun rudaí a chur i gcrích.

‘Ní hamháin go bhfuil Glór na Móna ag cur le cumas ár ndaoine óga mar cheannairí amach anseo, tá cumas tógtha acu cheana féin iontu bheith ina gceannairí sa lá atá inniu ann. Tá a gcuid pleananna do Chroí na Carraige thar a bheith spreagúil agus cuirfidh siad feabhas ar an cheantar agus ar áiseanna phobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste. Leanfaidh mé orm ag obair taobh le Glór na Móna chun é seo a fhíorú.

‘Tá an-bhród orm as a gcuid éachtaí thar na blianta, agus tá a fhios agam nuair a thógfar Croí na Carraige, go mbainfidh an ghlúin seo agus na glúnta amach anseo tairbhe as. Dar liom, tabharfaidh an tionscadal seo an Ghaeilge agus scileanna ceannasaíochta na ndaoine óga go dtí an chéad chéim eile. Ba mhaith liom daoine ar fud an domhain a spreagadh chun tacú lena n-iarrachtaí chun an áis iontach seo a thabhairt dár bpobal.’

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Feargal Mac Ionnrachtaigh, feargal@glornamonal.com

 

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button