Daonlathachas RannpháirtíochFéiltíImeachtaí

Féile ‘Galánta’ na gCloigíní Gorma seolta ag Ard-Mhéara Tina Black faoi scáth an tSléibhe Dhuibh

Is ardú croí agus iarracht chomhoibritheach é an clár cuimsitheach a dhíríonn ar Pobal, Dlúthpháirtíocht agus Folláine

Seoladh Féile na gCloigíní Gorma 2023, ainmnithe ina dhiaidh na cloigíní gorma dúchasacha a bhláthaíonn achan bliain ar Sliabh Dubh, go hoifigiúil leis an Ardmhéara Tina Black i nGael-Ionad Mhic Goill. Is toradh í an Fhéile de chaidreamh chomhoibritheach idir réimse eagraíochtaí pobail áitiúla san Uachtar Chluanaí atá anois seacht mbliana ar an fhód.

Ag Seoladh na Féile, dúirt Ardmhéara Black: 

“Tá áthas an domhain i gcónaí orm nuair a chuirtear fáilte romham le labhairt sa cheantar iontach seo, ach go háirithe ag an fhéile dochreidte seo. Is mór ag an Fhéile an timpeallacht agus cuireann sí na buanna áitiúla is fearr chun tosaigh trína ceoltóirí, filí, oibrithe pobail agus óige i measc go leor eile. Is Féile ghalánta í a chuireann oideachas comhaimseartha ar fáil le go leor cainteoirí agus imeachtaí iontacha. Ní fhaca mé aon phobal a chothaíonn an mhéid ceannairí óga cosúil leis na gníomhaithe san Uachtar Chluanaí. Tá díograis anseo ann chun feachtasaíocht ar son cearta, chun ár gcnoic galánta a chosaint agus a neartú, agus chun ár bpobal a spreagadh le dóchas agus misneach.

“Is pobal fíor bródúil é seo atá chun tosaigh ar chosaint timpeallachta, tá mé ag smaoineamh ar Terry Enright agus a obair cheannródaíoch ag cosaint ár gcnoic ghlórmhara. Tá sibh an-aireach ar a chéile agus ar an timpeallacht anseo agus spreagfaidh bhur samhlaíocht agus gníomhú go deo mé.”


Ag labhairt thar ceann an choiste stiúrtha, dúirt Eoghan Ó Garmaile:

“Tá an díchoilíniú ag croílár na Féile seo. B’amhlaidh leis na féilte áitiúla ag dul siar sna 1970í nuair a spreag cos ar bholg coilíneach frithbheartaíocht ar bhealaí éagsúla, an Fhéile san áireamh. B’amhlaidh le Féile an Phobail sna mall 80í nuair a rinne díspeagadh ar an phobal s’againn mar ainmhithe uafásacha agus níos measa nó mar a chuir Frantz Fanon síos ar an ‘Stór Focail Coilíneach’. Is bealach cuí é mar sin de chun an Fhéile a chuir i gcrích le mórshiúl tríd Bóthar na Carraige Báine in ómós Féile Uachtar Chluanaí 50 bliain ó shin eagraithe ag Des Wilson agus ceannairí pobail eile.

Tá Coiste na Féile ar fad aontaithe inár ndíograis le dlúthpháirtíocht phobail a chruthú san Uachtar Chluanaí, gealltanas a rinneadh ní b’ábhartha ná riamh mar gheall ar an tráma agus an chailliúint choiteann le cúpla bliain anuas. Reáchtáil muid clár iontach lán imeachtaí a sholáthróidh deiseanna do dhaoine a nascadh leis an phobal.

Eagróidh muid imeachtaí sultmhara de gach sórt le béim ar an nasc idir daoine óga s’againn agus an nádúr, amhail: tóraíocht taisce an phobail; siúlóidí luí na gréine; snámh agus ióga cois farraige; ceardlann faoin spéir le Connected Adventure; oíche biongó; oíche scannáin an phobail; turas iascaireachta; plandú, cothú, agus sealgaireacht le Gairdín an Phobail.

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh an ceoltóir iomráiteach mór le rá Damien Dempsey mar phríomhaoi do cheolchoirm na Féile ar an Déardaoin 18ú, an chéad cheolchoirm san fhoirgneamh úrscothach de chuid Naomh Comgall. Tacóidh cuid de na ceoltóirí áitiúla is fearr le Damo ar an oíche: Breandan ‘Nipper’ Quinn, John McSherry agus Francis McElduff, Niamh Nic Ionnrachtaigh, Run For Cover agus Brian Hicks.

Tugann an focal brollaigh ón Fhéile Uachtar Chluanaí 1973 an cur síos is fearr agus is fóirsteanaí dúinn inniu go fóill: ‘is ábhar atháis í an Fhéile. In amanna, shíl go leor againn nach mbeadh muid ábalta ceiliúradh arís […] ach roinneann daoine in aimsir an ghorta […] is ardú croí agus iarracht dlúthpháirtíochta í an Fhéile. Iad siúd a thagann le chéile don Fhéile, fanann siad le chéile do go leor eile le teacht.”

Thar ceann an choiste stiúrtha, ba mhaith linn fáilte mhór a chur roimh chách a bheith linn chun brí pobail, dlúthpháirtíochta, ceiliúrtha agus folláine a chothú agus a cheiliúradh!

Tá cóip den chlár 2023 ar fáil anseo:

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Arlene Blaney

arleneblaney@usdt.co.uk

07710567210



Eoghan Ó Garmaile

eoghan@glornamona.com

07934846275

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button