GinearáltaImeachtaíOideachas

Dianchúrsa Líofa

_71F8194Bhí dianchúrsa Líofa Iarthar Bhéal Feirste againn ar an tseachtain seo chaite, eagraithe  i gcomhphairtíocht le hIonad Uíbh Eachach i gCoáaiste Feirste agus bhí neart idir lámha ar an lá idir teagasc, léachtanna agus turais treoraithe.

Bhí an dianchúrsa a maoiniú ag Líofa agus neart acu ag dul ar aghaidh fud fad na sé chontae chun céiliúradh a dheánamh ar bhreithlá Líofa. Bhí 1,500 duine mar sprioc i dtús ama ach baineadh seo amach gan stró agus tá an sprioc ag ardú i rith ama agus 7,000 duine anois cláraithe leis an fheachtas, is léir go bhfuil ag iarraidh go geal le feachtas  Líofa agus daoine ag tabhairt faoin dúshlán i gconaí!

Bhí ceithre leibhéal againn ag an dianchúrsa idir bunrang, dara rang, treas rang agus 10671424_736078283125807_4056254212918942048_nardrang agus sármhúinteoirí ag teagasc ar ndóighe. Chomh maith leis an dianchúrsa agus foghlaim na Gaeilge, bhí lá oidhreachta ar bun ag Forbairt Feirste i dTeach Ard na bhFeá agus bhí deis acu siúd ag freastal ar an dianchúrsa dul ar turas treoraithe thart ar seanteach Riddle agus suí i léacht ghairid chun léargais a fháil ar oidhreacht an tí agus stair an mheánscoil lán-Ghaelach is mó in Éirinn.

Le 60 foghlaimeoir i láthair, foghlaim na Gaeilge, daoine ag cur aithne ar a chéile, bia galánta a bhuí le Siopa ceapaire Sffron agus cuairt ón t-Aire Carál NíChuilín, bhí lá den chéad scoith againn!

Maith sibh gach duine a bhí páirteach! Labhair í agus Mairfidh sí!

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button