Ginearálta

Dlúthpháirtíocht leis an Munduruku i ndiaidh seilbh rathúil s’acu ar son oideachais dhúchasaigh

I ndiaidh 23 lá de sheilbh, tá an bua ag muintir Munduruku – tá dlí 10.820, a bhí ag iarraidh oideachas fíorúil a chur ar mhuintir an Amazon, cloíte acu!

Oibríonn an gníomh díreach, mar a léirigh muintir spreagúil Munduruku lena mbua is déanaí in éadan rialtas na Brasaíle, a rinne iarracht oideachas fíorúil a bhrú ar mhuintir na hAmasóine. I ndiaidh dóibh seilbh a ghlacadh as an 83ú km de Mhótarbhealach BR163 ar feadh 23 lá, ag éileamh cearta comhairliúcháin faoina n-oideachas – agus bhí an bua acu.

Tuigeann na daoine óga atá ag teacht tríd Glór na Móna go rímhaith diúltú an stát ar a gcearta mar Ghaeilgeoirí – go háirithe in 2017 nuair a ghearr an tÚdarás Oideachais maoiniú ar chumann óige Gaeilge Ghlór na Móna, cumann a d’fhreastail na céadta Gaeilgeoirí óga air.

Rinne na ciorruithe slad ar Ghlór na Móna – ceathrar oibrí óige caillte agus na céadta Gaeilgeoirí óga fágtha ar lár leis an chumann óige druidte. Mar fhreagra láithreach, d’eagraigh na daoine óga cruinniú poiblí i gColáiste Feirste, an mheánscoil Ghaeilge radacach i mBéal Feirste a tháinig amach as an athbheochan chultúrtha dhíchoilínithe féin. Socraíodh ann agóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Údaráis Oideachais.

Dhá lá ina dhiaidh sin, ghlac na céadta Gaeilgeoirí óga seilbh as oifig an Údaráis Oideachais i lár chathair Bhéal Feirste in agóid. Taobh istigh de chúpla lá, ghéill an tÚdarás Oideachais agus tugadh an maoiniú ar ais do na Gaeilgeoirí óga. Oibríonn an gníomh díreach!

Bhí an tÚdarás Oideachais rómhall, áfach, chun stop a chur le tuilleadh agóidí agus gnímh. Ní raibh sna ciorruithe ach cuid de na hionsaithe leanúnacha a rinneadh ar an Ghaeilge sna Sé Chontae ag an am. Mhúscail siad tonn An Dream Dearg, an ghluaiseacht athbheochana teanga níos leithne a bhí ag troid ar son cearta teanga agus cearta daonna. Dhá mhí i ndiaidh seilbh na hoifige EA, ghlac níos mó ná 10,000 duine páirt sa Lá Dearg, an mórshiúl go Halla na Cathrach i mBéal Feirste ag éileamh cearta Gaeilge. Faoi 2022, bhí an uimhir seo dúbailte, agus os cionn 20,000 duine amuigh ag éileamh go gcuirfidh an rialtas na cearta seo i bhfeidhm – agus d’éirigh leo!

Dlúthpháirtíocht le muintir Munduruku agus le pobail dhúchasacha fud fad an Deiscirt Dhomhanda atá ag troid ar son a gceart faoi chúinsí i bhfad níos crua ná muidne. Beirigí bua!

Agóid Ghlór na Móna 2017:

Féach scéal iomlán Ghlór na Móna anseo:

Lean streachailt mhuintir an Munduruku anseo

Tá lúcháir ar an tionscadal oideachais pholaitiúil, Meitheal Uí Chadhain, cuairt a thabhairt ar an Amasóin sa Bhrasaíl ar an 13ú Feabhra le foghlaim ó mhuintir dhúchais na háite agus óna streachailt ar son na timpeallachta, athghabháil cultúrtha agus a gcearta.

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button