GinearáltaImeachtaíÓigeTeaghlaigh

Suí ‘s Scíth

Clár Úr 2023

Tá muid ar ais! Bualfaidh muid achan coicís i nGael-Ionad Mhic Goill idir 10 agus 11rn.  Seo iad na dátaí ar na bacáin:

8ú Feabhra

22ú Feabhra

8ú Márta 

22ú Márta

Do thuilleadh eolais, teagmháil gearoidin@glornamona.com

Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge 

Bhí grúpa tuistí agus tachrán i gconaí inár bplean aschur teanga, d’aithin muid go bhfuil sé tábhachtach bheith ag tacú leis na teaghlaigh inár gceantar agus inár bpobal atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge. Tcítear dúinn go bhfuil fás tagtha ar líon na dteaghlach agus nár cheart go bhfuil daoine fágtha gan tacaíocht mar bhí le blianta de bharr easpa reachtaíochta agus cearta mar aon le heaspa taithí agus ácmhainní inár bpobal.

Inár tsean áit, Bun a’ Tí, ní raibh sé ar ár gcumas bheith ag freastal ar teaghlaigh agus fáilte a chur roimh pháistí óga istigh ann de bharr riocht an fhoirgnimh ach anois go bhfuil an Ghael-Ionad againn, thug sé deis eile forbartha dúinn bheith ag freastal ar ár bpobal agus ghlac muid an cinneadh Suí ‘s Scíth a bhunadh.  Grúpa atá dírithe ar tuismitheoirí atá ag tógail teaghlaigh le Ghaeilge atá i gceist le Suí ‘s Scíth. Is spás sóisiálta, neamhfhormálta é le meascán de ghníomhaíochtaí agus sáinshúgradh eagsúil comh maith le cómhra agus comhairle idir na máithreacha. Ó thaobh aistriú teanga ó ghlúin go glúin de, mothaimid nach bhfuil mórán le freastal ar páistí óga suas go trí bhliain d’aois. Bíonn páistí ó trí bhliain d’aois ag freastal ar naíscoileanna agus is féidir leo dul i ngleic leis an Ghaeilge ansin ach tá Glór na Móna ag díriú ar pháistí faoi thrí bhliain mar aon leis na tuistí ag an tógra seo. I láthair na huaire, tá ballraíocht againn do 15 tuismitheoir agus 25 páiste.

Is tógra nua é seo dár gcuid agus is mír oibre úr é fosta, agus tá muid ag iarraidh tógáil ar an tseirbhís, ar ár gcumas agus ár n-abáltacht de réir a chéile sa dóigh is go bhfuil freastal cuí agus ceart a dheánamh againn ar theaghlaigh Ghaelacha.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button