Daonlathachas RannpháirtíochGinearáltaImeachtaí

Faoi Scáth an tSléibhe

tionscadal, taispeántas agus seoladh scannáin faoi stair an phobail i mBaile Uí Mhurchú

Bhí ceiliúradh ar siúl i nGlór na Móna, eagraíocht óige agus pobail atá lonnaithe i mBaile Uí Mhurchú, chun deireadh an tionscadail staire pobail ‘Faoi Scáth an tSléibhe – Connecting People and Place in the Upper Springfield’ a cheiliúradh. Tá sé de rún ag an tionscadal seo stair uathúil phobal Uachtar Chluanaí a thaifeadadh agus a choimeád. Seoladh suíomh gréasáin idirghníomhaigh (www.faoisat.com), i nGaelionadh Mhic Goill inniu (Dé hAoine, 3ú Nollaig) mar chuid d’Fhleadh Feirste, féile phobail sa Cheathrú Ghaeltachta. Bhí taispeántas fisiciúil ann a coimeádann stair an phobail, chomh maith le clár fianaise a chuir scéal spreagúil Uachtar Chlúanaí in iúl.

Agus é i mbun aithisc ag an ócáid inniu, dúirt Dr Michael Pierse, Léachtóir Shinsearch i Litríocht na hÉireann agus saineolaí acadúil i dtaca le stair an aicme oibre:

‘Baineann an tionscadal seo, Faoi Scáth an tSléibhe- Connecting People and Place in the Upper Springfield Area, le nascanna a chothú idir daoine agus áit, chun ár n-oidhreacht chultúrtha a dhoimhnú, chun comhrá, tuiscint agus bród a spreagadh, agus is léir anois gurb fhiú an fís a bhí ag an lucht maoinithe, an Ciste Chrannchuir Oidhreachta. Déanann an tionscadal seo stair an phobail bríomhar agus inrochtana trí scéalta áitiúla a bhailiú, gearrchláir fhianaise a dhéanamh, grianghraif, agallaimh agus scanacáin a bhailiú agus a choimeád, agus iad uilig a chaomhnú ar shuíomh gréasáin an tionscadail www.faoisat.com.  Cuireann tionscadail mar seo dínit ar ais sa phobal; tugann siad tuiscint níos fearr do phobail mar seo maidir le stair shaibhir s’acu agus an tábhacht a bhaineann léi.

‘Ba mhaith liom an fhoireann i nGlór na Móna a mholadh go hard na spéire as an tionscadal iontach seo. Is sampla den scoth é seo den chomhpháirtíocht idir pobail, an lucht léinn agus cleachtóirí stair an phobail – tionscnamh is ea é a athraíonn fís s’againn ar an am atá caite agus a bhfuil fís don todhchaí aige, mar a thuigim féin tríd an uaillmhian atá ag Glór na Móna chun na gníomhaíochtaí seo a fhorbairt i mol pobail nua don todhchaí.  Ba chóir airgead poiblí a chaitheamh ar rudaí mar seo ó thaobh fhorbairt oidhreachta de gan amhras. Ardaíonn sé uaillmhianta agus ionchais. Tógann sé acmhainní, athléimneacht agus scileanna. Tá na buntáistí inláimhsithe os ár gcomhair go soiléir, ach is iad na rudaí doláimhsithe – na mothúcháin agus an fuinneamh a scaoiltear trí thionscadal mar seo – na haschuir is tábhachtaí dar liom.’

Dúirt Michael Lyons, ó Redhead Conference and Exhibitions, a dhear an taispeántas oidhreachta pobail:

‘Tá raon na n-ábhar oidhreachta atá á nochtadh sa phobal Uachtar Chluanaí ar dóigh ar fad. Ar mhaithe le tuiscint don todhchaí, le léiriú poiblí agus le rannpháirtíocht idirghníomhach, tá tionscnamh bunaithe ag Glór na Móna a bheith mar bhunchloch do thionscadail oidhreachta eile atá le teacht. Is ionann an chaipiteal oidhreachta atá ag teacht chun solais agus oidhreacht an phobail, oidhreacht pholaitiúil, oidhreacht fhorbairt na hóige, oidhreacht theanga, oidhreacht ghníomhachais, oidhreacht eacnamaíochta, oidhreacht spóirt agus chultúrtha agus oidhreacht an chomhshaoil.’

 

‘Tá an coincheap taobh thiar de, Daoine agus Áit a Nascadh, an-bharántúil. Tá ról nithiúil aige chun cuidiú leis an phobal áitiúil an oidhreacht sin a cheiliúradh agus fíoraíonn sé fís fhoireann Ghlór na Móna, go mbeidh cuairteoirí idir áitiúil agus idirnáisiúnta ag iarraidh theacht, am a chaitheamh, foghlaim, fiosraigh, agus teagmháil a dhéanamh leis an stair seo sa suíomh iontach seo ag bun Chnoic Bhéal Feirste. Is comharthaí caighdeáin iad an taispeántas, an suíomh gréasáin agus an scannán a seoladh inniu don mhéid atá le teacht amach anseo. Tá muid ag dúil le bheith ag tacú le Glór na Móna agus iad ag déanamh coimeádta ar an tairscint oidhreachta uathúla seo mar chuid d’fhís chorraitheach agus uaillmhianach s’acu faoi choinne chaife oidhreachta léirmhínithe a thógáil mar chuid den tionscadal caipitil s’acu don todhchaí, ‘Croí na Carraige’.

Dúirt Dr Paul Mullan, Stiúrthóir ar an Chiste Chrannchuir Oidhreachta, ‘Is sampla den scoth é seo de conas is féidir le hoidhreacht an phobail dul isteach go domhan i gcroílár an phobail chun a gcuid scéalta a insint ar dhóigh atá an-phearsanta ach intuigthe go forleathan chomh maith. Nochtaíonn sé pobal le linn blianta maithe agus dúshlánacha. Tá áthas an domhain ar an Chiste Chrannchur Oidhreachta as tacaíocht a thabhairt don tionscadal iontach seo.’

Agus é ag cur na hócáide i gcrích, dúirt Stiúrthóir Fheidhmiúcháin Ghlór na Móna Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh:

‘Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na cainteoirí as a gcuid focal cnéasta de thacaíocht, agus gabhann muid ár mbuíochas do Dr Paul Mullan go háirithe as teacht inniu agus don Chiste Channchur Oidhreachta as tacaíocht a thabhairt dár dtionscadal thar dhá bhliain anuas. Bhí sé de rún againn ón tús, dul i dteagmáil leis an phobal áitiúil  chun an stairshóisialta, chultúrtha agus chomhshaoil de chuid ár bpobail bhródúil den aicme oibre a nochtadh, a iniúchadh agus a thabhairt chun solais.

‘Tá clú agus cáil ar an cheantar Uachtar Chluanaí agus ar mhórcheantar Bhaile Uí Mhurchú as a chumas chun tionscnaimh fhéin-chuidithe den phobail a fhorbairt thar 50 bliain agus tá sé mar aidhm ag ár suíomh gréasáin, ag ár dtaispeántas agus ag ár scannáin fhianaise an stair seo atá faoi cheilt a sholáthar mar shocmhainn luachmhar de chuid an phobail a lonnaíonn agus a neartaíonn bród agus nasc an phobail don áit.

Tógadh an tionscadal seo ar rannpháirtíocht an phobail ón tús agus chuir sé leis an tacaíocht nach beag a nochtaigh muid leis an staidéar Féidearthachta a rinne muid ar na mallaibh, i dtaca le príomháis chaipitil nua do phobal na Gaeilge, Croí na Carraige a bhunú, ar an talamh in aice leis an fhoirgneamh atá againn faoi láthair, Gaelionadh Mhic Goill. Chuir an staidéar féidearthachta seo le fios go bhfuil an tairscint oidhreachta pobail seo lárnach don fhís le mol bríomhar ilchuspóireach don phobal Gaeilge a bhaint amach, ina mbeidh teaghlaigh, daoine óga agus an pobal áitiúil i lár an aonaigh. Tá muid ag dúil le bheith ag obair leis an Chiste Channchur Oidhreachta chun ár gcartlann a leathnú agus chun an fhís seo a fhíorú.’

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button