Ginearálta

Feachtas ‘ceannaigh bríce’ do thionscadal caipitiúil Chroí na Carraige seolta ag Glór na Móna i gCeanada

Thug ionadaithe na heagraíochta cuairt ar Toronto agus ar Montreal agus chuir pobal Éireannach Cheanada fáilte chroíúil rompu.

Sheol eagraíocht phobail agus óige na Gaeilge, Glór na Móna, a bhfeachtas ‘ceannaigh bríce’ i gCeanada le linn Sheachtain na Gaeilge 2026 agus iad ag cur a gcuid oibre claochlaithe agus athbheochan na Gaeilge chun cinn do phobal beoga Éireannach Cheanada. Sé tionscadal é atá mar chuid de d’fheachtas fadtéarmach Ghlór na Móna ar son thionscadal uaillmhianach caipitiúil nua, Croí na Carraige, a bhfuil breis is £1 milliún de chaipiteal-infheistíocht faighte againn cheana féin. Ag tógáil ar obair Ghael-Ionad Mhic Goill a thóg Glór na Móna i mBaile Uí Mhurchú in 2016, samhlaíonn a dtionscadal nua, Croí na Carraige, ionad ilchuspóireach don óige, don phobal, don teaghlach agus don oidhreacht ar an láithreán folamh taobh leo.

Tá tacaíocht ar leith ag an fheachtas ó achan cearn d’Éirinn agus thar lear, agus an grúpa rap Kneecap ina measc siúd a chuir go mór leis. Thug an chuairt seo deis do Ghlór na Móna scéal athbheochan na Gaeilge nua-aimseartha a léiriú i gCeanada, le linn Sheachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta coicíse na Gaeilge.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh:

“Ba mhór an onóir é, agus bhí sé oiriúnach go maith, ár bhfeachtas ceannaigh bríce do Chroí na Carraige a sheoladh le linn Mhí na Glasa i gCeanada, áit a bhfuil an teanga ag teacht chun cinn go bríomhar i bpobail Ghaelacha agus ar champais ollscoileanna. Táimid thar a bheith buíoch as an dlúthpháirtíocht chroíúil agus an tacaíocht atá faighte againn ó réimse leathan daoine aonair agus eagraíochtaí tacaíochta a chuidigh linn imeachtaí rathúla a eagrú i Toronto agus i Montreal. Siad todhchaí níos fearr a thógáil do chách agus an teanga a úsáid mar fhoinse athghiniúna pobail, leighis agus dóchais atá i gceist le tionscadal Chroí na Carraige. Tá breis is milliún dollar bailithe againn, tá cead pleanála iomlán againn agus foireann deartha ceaptha chun an fhís seo a fhíorú. Táimid an-chóngarach chun tús a chur le céim a haon den tionscadal ach tá cuidiú uainn ó phobal na hÉireann i gCeanada chun an bhac deiridh a shárú. Táimid buíoch as aon tacaíocht ar bith is féidir le daoine a thabhairt, cibé acu tríd ár leathanach Go Fund Me (Fundraiser by Glór na Móna : Croí na Carraige New Irish-Medium Youth and Community Centre) nó tríd an fheachtas Ceannaigh Bríce ar ár suíomh gréasáin: www.glornamona.com.”

Dúirt Cormac Mac Lochlainn ó Stonebridge Financial, atá ina bhall le fada de phobal Éireannach Cheanada atá ag fás i Toronto, agus a chuidigh leis an imeacht i Toronto a eagrú, i ndiaidh na hócáide:

“Ó tháinig mé chun cónaí i Toronto le roinnt blianta anuas, chonaic mé an t-éileamh atá ag méadú ar an nGaeilge i measc an diaspóra anseo, go háirithe i measc daoine óga. Mar Ghael a fuair mo chuid oideachais ar fad trí mheán na Gaeilge i meánscoileanna i mBaile Átha Cliath, tá taithí phearsanta agam ar an difear is féidir leis an Ghaeilge a dhéanamh do mhuinín agus d’fhéiniúlacht na ndaoine óga. Ba dheis iontach í an ócáid a d’eagraigh Glór na Móna, ar thacaigh mé léi, dóibh cur le rud éigin inláimhsithe atá ag déanamh difir i saol na nGaeilgeoirí óga in Iarthar Bhéal Feirste. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach Éireannach Ceanadach a thacaigh leis an ócáid, ach go háirithe foireann PJ O’Briens agus an comhlacht Feirsteach, Kainos, a rinne urraíocht ar an ócáid. Creidim go bhfuil an cumas i gCroí na Carraige Gaeil ar fud na hÉireann, Cheanada agus i bhfad i gcéin a spreagadh, agus chuirfinn mholfainn go mór d’aon duine a bhfuil suim acu in athbheochan na Gaeilge tacú leis an fheachtas tiomsaithe airgid seo.”

Dúirt Marion Mulvenna, as Montreal ó dhúchas, a thacaigh leis an ócáid i Montreal:

“Tá áthas orainn cé chomh rathúil is a bhí imeacht tiomsaithe airgid Ghlór na Móna, rud a bhí ar cheann de bhuaicphointí Mhí na Glasa i Montreal. Bhí breis is céad i láthair agus ionadaíocht iontach ann ó réimse leathan d’eagraíochtaí iomráiteacha cultúrtha Éireannacha a bhfuil fréamhacha doimhne acu sa chathair. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Donal Gill agus Miriam Ní Dhuinn ó scoil cheoil Siamsa a chuir siamsaíocht ar fheabhas ar fáil ar an oíche. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Mark Billings agus Arthur Sandborn a rinne urraíocht ar an tsiamsaíocht agus ar an bhia. Go raibh maith agat leis an óstach den scoth a bhí ann an oíche sin, teagascóir ICUF, Gemma Ní Luain, agus Rod agus foireann ar fad Hurley’s a bhí go hiontach ar an oíche. Míle buíochas freisin leis an bhanna traidisiúnta ban den scoth, Gráinne, a sheinn amhráin Ghaelacha den scoth ar an oíche. Aithníonn pobal Éireannach Montreal an tábhacht a bhaineann le hathghabháil na Gaeilge agus chuaigh scéal Ghlór na Móna i bhfeidhm go mór ar mhuintir na cathrach. Tá áthas orainn a bheith in ann tacú leis an fhís d’ionad Chroí na Carraige a fhíorú, rud a dhéanfaidh difear claochlaitheach i saol na ndaoine óga in Iarthar Bhéal Feirste, agus a bheas ina chomhartha dóchais agus ina mhúnla athghabhála teanga do na foghlaimeoirí teanga a thugann cuairt ar Bhéal Feirste ó chathracha cosúil le Montreal. Go n-éirí leo!”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, duine de bhunaitheoirí Ghlór na Móna agus uachtarán reatha Chonradh na Gaeilge:

“Ba mhór an onóir é cuireadh a fháil chun labhairt ag Lón Lá Fhéile Pádraig i Montreal, an ócáid is suntasaí i bhféilire phobal Éireannach Montreal. Bhí muid in éineacht leis an Ambasadóir John Concannon, an tAire Rialtais Dara Calleary agus le Ceann Comhairle Pharlaimint Cheanada, Francis Scarpaleggia, agus ba dheis iontach é an obair chlaochlaitheach atá ar bun ag Glór na Móna in Iarthar Bhéal Feirste a roinnt leo, agus í ag tacú le hathbheochan leanúnach pobail na Gaeilge. Is léir go bhfuil suim ag méadú sa Ghaeilge i measc an diaspóra agus tá deis iontach ann an fuinneamh seo a ghiaráil ar bhealach a chuireann go dearfach lenár gcuid oibre ar ais in Éirinn agus a chothaíonn caidrimh thairbheacha idir Gaeilgeoirí sa bhaile agus thar lear. Tá craobhacha de chuid Chonradh na Gaeilge ar fud an domhain agus tá fonn orainn níos mó ball agus craobhacha a mhealladh ar fud an diaspóra, agus leis an éileamh athnuaite atá ar an Ghaeilge, ní raibh am níos fearr riamh chun é seo a dhéanamh.”

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bhfeachtas ceannaigh bríce, tabhair cuairt ar:
www.glornamona.com

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chroí na Carraige, tabhair cuairt ar:
Croí na Carraige – Glór na Móna

Fúinn:

Sonraí Teagmhála:

Feargal Mac Ionnrachtaigh
feargal@glornamona.com
07841 101630

Ciarán Mac Giolla Bhéin
ciaran@fisanphobail.com
07545293841

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button